22 páiste i measc 34 duine a maraíodh in ionsaí ar naíolann sa Téalainn

I ndiaidh na heachtra in oirthuaisceart na tíre mharaigh an fear gunna a bhean agus a pháiste sular mharaigh sé é féin

Mharaigh iarphóilín 34 duine i móreachtra lámhaigh in ionad cúram leanaí in oirthuaisceart na Téalainne inniu. 22 páiste a maraíodh. Dhá bhliain d’aois a bhí triúr acu.

I ndiaidh na heachtra mharaigh an fear gunna, Panya Khamrab, a bhean agus a pháiste ina mbaile sular mharaigh sé é féin.

Tharla an t-uafás i gceantar Nong Bua Lamphu in oirthuaisceart na Téalainne, ceantar atá timpeall 500 ciliméadar ó thuaidh den phríomhchathair Bangkok.

Iarbhall den fhórsa póilíneachta é Panya Khamrab ar tugadh bata agus bóthar anuraidh dó mar gheall ar líomhaintí faoi dhrugaí. Bhí sé sa chúirt don chás a bhain leis na líomhaintí sin cúpla uair an chloig roimh an eachtra.

Tá ordú tugtha ag Príomh-Aire na Téalainne Prayuth Chan-ocha fiosrúchán práinneach a chur ar bun faoin eachtra.

Ionsaí “uafásach” a bhí ann, a dúirt Prayuth Chan-ocha, agus rinne sé comhbhrón ó chroí le muintir na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh.

Bhí gránghunna, piostal agus scian ag an té a rinne an sléacht. Tuairiscíodh chomh maith gur thiomáin sé a fheithicil in aghaidh grúpa daoine a bhí ar an láthair.

Tá póilíní na Téalainne ag iarraidh ar dhaoine gan físeáin nó pictiúir den eachtra a roinnt ar na meáin shóisialta. Tá íomhánna glinne den uafás á scaipeadh ar líne agus tá sé ina imní go gcuirfidh a leithéid as do mheabhairshláinte daoine.

Ní rud annamh an foréigean gunna sa Téalainn ach is rud annamh an mhóreachtra lámhaigh ina maraítear páistí ar scoil.

Fág freagra ar '22 páiste i measc 34 duine a maraíodh in ionsaí ar naíolann sa Téalainn'