22 duine eile básaithe agus imní ar leith ann faoi líon na gcásanna i dtithe altranais

Tá 168 duine leis an gcoróinvíreas básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 48 duine ó thuaidh den teorainn agus 120 duine ó dheas di. 5,177 cás den ghalar atá deimhnithe

22 duine eile básaithe agus imní ar leith ann faoi líon na gcásanna i dtithe altranais

Tá 22 duine eile a bhí buailte ag an gcoróinvíreas básaithe agus 424 cás nua deimhnithe ó dheas.

Os cionn 5,000 cás den choróinvíreas atá deimhnithe anois in Éirinn.

Dúirt Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan tráthnóna go raibh “imní” ann go háirithe faoin líon na gcásanna den ghlalar i dtithe altranais.

“Tá imní orainn faoi líon na mbraislí atá aimsithe in ionaid altranais. Tá roinnt beartas tugtha isteach againn i gcomhar leis an HSE, Caithfear iarrachtaí leanúnacha a dhéanamh chun an baol maidir le scaipeadh an víris in ionaid altranais agus ionaid fhadchónaithe  a laghdú,” arsa an Dr Holohan.

Dúirt an Leas-Phríomh Ofigeach Leighis an Dr Ronan Glynn go raibh seachtain chrua de shrianta curtha isteach ag daoine ach go raibh beatha daoine sábháilte dá bharr. Dúirt sé gur chóir clutharú a bheith á chleachtadh ag aon duine os cionn 70 bliain d’aois agus nár cheart do dhaoine san aoisghrúpa an baile a fhágáil in aon chor.

Dúirt sé nach bhféadfaí a bheith cinnte cathain a thiocfadh an bhrúisc i líon na gcásanna ach gur dóigh gur faoi cheann 7-10 lá  a tharlódh sé.

Maidir leis an 22 duine is déanaí a bhásaigh aon fhear déag agus aon bhean déag a bhí i gceist. San oirthear a bhí 18 de na daoine a bhásaigh, bhí triúr sa deisceart agus duine amháin in iarthar na tíre.

Bhí fadhbanna sláinte eile ag seisear déag acu.

110 duine a bhí in ionaid dianchúraim na n-ospidéal maidin inniu.

Tá 168 duine leis an gcoróinvíreas básaithe in Éirinn ó thosaigh an ráig, 48 duine ó thuaidh den teorainn agus 120 duine ó dheas di. 5,177 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn, 4,273 cás ó dheas agus 904 cás ó thuaidh. Tuairiscíodh níos túisce inniu go raibh dháréag eile a bhí buailte ag Covid-19 básaithe sa Tuaisceart.

7,525 tástáil atá déanta sa Tuaisceart. Maidir le cúrsaí tástála ó dheas, dúírt an Dr Tony Holohan tráthnóna go raibh i “bhfad níos mó” ná an 30,000 tástáil a tuairiscíodh cheana déanta.

De réir an eolais is déanaí ón Roinn Sláinte ó dheas, eolas a bhain leis an 3,282 cás a bhí deimhnithe faoi 1pm Déardaoin:

  • Fir a bhí i gceist le 48% de na cásanna agus mná iad 51%
  • An aois ar an meán a bhí ann i measc na n-othar ná 48 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 1,039 duine, 28%
  • As na daoine sin, cuireadh 148 duine in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 948 cás, nó 26%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 2,077 cás, nó 57%, agus bhí Corcaigh sa dara háit, le 292 cás, nó 8%
  • 98 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (2.7%), 79 a bhí i gcontae Chiarraí (2.2%), 77 cás a bhí i nDún na nGall (2.1%), 55 cás a bhí i Maigh Eo (1.5%), 43 cás a bhí i bPort Láirge (1.2%) agus 88 cás a bhí i gcontae na Mí (2.4%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 61% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 23% agus taisteal thar lear ba chúis le 16%

Tuairiscíodh inniu go raibh cuid den trealamh cosanta pearsanta a fuarthas ón tSín lochtach agus gan mhaith.

Dúirt an HSE gur cuid bheag den trealamh a bhí i gceist agus go raibh an scéal á phlé leis an soláthraí sa tSín.

Tá ráite le leath den chine daonna, nó 3.9 billiún duine, fanacht ag baile agus rialtais ar fud an domhain ag iarraidh scaipeadh an víris mharfaigh Covid-19 a choinneáil faoi chois.

Agus cuibhriú, dianghlasáil nó coraintín de shaghas éigin i bhfeidhm i 90 tír nó dúiche, tá nach mór milliún cás den víreas deimhnithe agus breis is 55,000 duine básaithe de réir an áirimh is déanaí ó Ollscoil Johns Hopkins.

Fág freagra ar '22 duine eile básaithe agus imní ar leith ann faoi líon na gcásanna i dtithe altranais'

  • Poraic o'hEipicín

    Ar dheis Dé go raibh a n-Anamacha. uilig.
    Go n-éirí na ndaoine atá fós Beó, shlán ass.
    In Ainm Dé.