215 cás nua den choróinvíreas fógartha, fáilte curtha ag Holohan roimh chur chuige an Rialtais i leith na vacsaíne

D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly an chéad chéim eile i bplean vacsaínithe an Rialtais in aghaidh an Covid-19 inniu

215 cás nua den choróinvíreas fógartha, fáilte curtha ag Holohan roimh chur chuige an Rialtais i leith na vacsaíne

Tá 215 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna. Duine amháin eile atá básaithe de dheasca an ghalair.

Bhain 22 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall. Seacht gcás a bhí i nGaillimh, seacht gcás eile a bhí i gCorcaigh, sé chás a bhí i Maigh Eo, sé chás a bhí bPort Láirge agus cúig chás a bhí i gcontae na Mí. Níos lú ná cúig chás a bhaint le Ciarraí.

74 den 215 cás nua a bhí i mBaile Átha Cliath.

210 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 31 acusan in aonad dianchúraim.

Is 80.2 an meánráta coicíse an Covid-19 sa stát.

Is i nDún na nGall fós atá an ráta is airde agus 221 cás in aghaidh gach 100,000 duine deimhnithe sa chontae le coicís anuas.

75 an ráta atá i Maigh Eo, 72 i bPort Láirge agus 55 i nGaillimh. Ráta 51 atá i gcontae na Mí, 35 atá i gCorcaigh agus 30 atá i gCiarraí.

Chuir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, fáilte tráthnóna roimh an gcéad chéim eile i straitéis vacsaínithe an Rialtais.

“Ghlac an Rialtas inniu le comhairle NPHET faoin ord tosaíochta do vacsaíní Covid-19. Is céim thábhachtach é sin i bhforbairt na straitéise vacsaínithe atá á réiteach ag tascfhórsa ardleibhéil an Covid-19.

“Fad is atá gach duine againn ag fanacht ar ár ndeis an vacsaín a fháil, tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn san idirlinn ag cosaint a chéile, go háirithe aimsir na Nollag agus sna míonna amach romhainn,” a dúirt an Dr. Holohan.

D’fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly plean vacsaínithe an Rialtais in aghaidh an Covid-19 inniu.

Beidh an vacsaín seo saor in aisce, a dúirt sé, agus a luaithe a bheidh ceadúnas faighte di, beidh sí ar fáil don phobal ar fad de réir a chéile.

Chuir an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh agus an Roinn Sláinte tuairisc ar fáil don Aire faoin bplean náisiúnta vacsaínithe i gcoinne an Covid-19 agus chuir seisean meamram faoi bhráid an Rialtais agus glacadh leis an bplean inniu.

Faoin bplean sin tabharfar tosaíocht do na daoine is mó atá i mbaol ón víreas. San ord tosaíochta seo a dháilfear an vacsaín – daoine atá os cionn 65 bliain agus atá ina gcónaí in ionaid chúraim, oibrithe sláinte atá ar an líne thosaigh in aghaidh an ghalair, daoine atá os cionn 70 bliain d’aois, daoine a bhíonn i ngartheagmháil le hothair, daoine idir 65 agus 69 bliain, daoine idir 18-64 bliain a bhfuil fadhbanna sláinte ainsealacha acu agus daoine a chónaíonn in árais atá plódaithe.

Tá sé i gceist go bhfoilseodh an tascfhórsa a ceapadh chun dáileadh na vacsaíne a stiúradh a dtuairisc ar an Aoine. Tá feachtas faisnéise poiblí le reáchtáil chun an pobal a chur ar an eolas faoin vacsaín, feachtas a bheidh bunaithe ar an bhfianaise agus ar an oscailteacht.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce inniu go raibh 14 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. 351 cás nua a bhí le fógairt acu tráthnóna.

421 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 28 díobhsan atá in aonad dianchúraim. Bhí 102% de na leapacha ansin lán inniu.

Chuir Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann tús inniu lena gclár vacsaínithe.

Altra as Dún Druma i gcontae an Dúin an chéad duine in Éirinn chun vacsaín in aghaidh an Covid-19 a fháil.

Tugadh an tsnáthaid do Joanna Sloan, 28, altra in ospidéal an Royal Victoria i mBéal Feirste, maidin inniu.

Margaret Keenan

As Inis Ceithleann i bhFear Manach an chéad duine ar domhan chun an vacsaín a fháil lasmuigh de thrialacha. Tugadh vacsaín Pfizer-BioNTech do Margaret Keenan, 90, atá ag cur fúithi in Coventry Shasana le 60 bliain anuas, ag 6.45am inniu.

3,170 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,097 duine ó dheas den teorainn agus 1,073 duine ó thuaidh di.

130,477 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 74,682 cás ó dheas agus 55,795 ó thuaidh.

Fág freagra ar '215 cás nua den choróinvíreas fógartha, fáilte curtha ag Holohan roimh chur chuige an Rialtais i leith na vacsaíne'