2,121 cás nua fógartha, ochtar eile básaithe de dheasca an víris

Cuireadh 102 duine breise san ospidéal mar thoradh ar an víreas le 24 uair an chloig anuas

2,121 cás nua fógartha, ochtar eile básaithe de dheasca an víris

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil ochtar eile a raibh an Covid-19 orthu básaithe 

2,121 cás nua den ghalar atá deimhnithe inniu.

Tá 338 duine tar éis bháis de dheasca an ghalair sa stát go dtí seo mí Eanáir.

1,975 duine a bhfuil an coróinvíreas orthu atá sna hospidéil agus tá 200 acusan in aonad dianchúraim, an líon is mó riamh.

Cuireadh 102 duine breise san ospidéal mar thoradh ar an víreas le 24 uair an chloig anuas.

Tá ráta coicíse an ghalair ag titim le cúpla lá anuas. 1,404.2 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát atá ann anois.

Ach cé go bhfuil líon na gcásanna ag laghdú, dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan nach raibh dóthain dul chun cinn á dhéanamh fós agus go raibh an ráta coicíse is airde san Eoraip againn.

Dúirt sé go raibh níos mó daoine a bhí buailte ag an Covid-19 sna hospidéil ná mar a bhí aon uair eile le linn na paindéime.

“Fanaigí ag an mbaile, le bhur dtoil, le gur féidir linn ráta an ghalair sa phobal a laghdú go mór,” arsa an Tony Holohan.

Dúirt an Dr Lorraine Nolan, Príomhfheidhmeannach an Údaráis Rialála Táirgí Sláinte (HPRA) go raibh amhras ann gur bhain fo-iarmhairtí leis an vacsaín Pfizer/BioNTech in 81 cás. 

Ní raibh aon rud éagsúil faoi líon agus cineál na dtuairiscí sin i gcomparáid le vacsaíní eile agus fo-iarmhairtí éadroma iad a bhí imithe nó a raibh biseach ag teacht orthu. 

I measc na bhfo-iarmhairtí sin, bhí pianta boilg, masmas, tuirse, pianta sna hailt agus sna lámha, meadhrán, tinneas cinn, tochas agus gríos. Bhíothas ag súil leis na hiarmhairtí sin go léir ó na trialacha cliniciúla. 

“Cé gur fo-iarmhairtí réasúnta éadrom atá i gceist agus gur cinnte go gcuireann siad as do na daoine a fhaigheann iad, imíonn siad sciobtha agus ní gá aon chóir leighis,” arsa an Dr Lorraine Nolan.

Bhain 236 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 84 cás nua a bhí i nGaillimh agus 55 cás nua a bhí i Maigh Eo. Bhí 34 cás nua i nDún na nGall, 32 cás a bhí i bPort Láirge, 29 cás a bhí i gCiarraí agus 13 cás a bhí i gcontae na Mí.

Bhí 753 den 2,121 cás nua inniu luaite le Baile Átha Cliath.

Ráta 1995.2 a bhí i bPort Láirge, 1,597.6 a bhí i Maigh Eo, 1573.7 a bhí i gCorcaigh agus 1,373.8 a bhí i nDún na nGall.

Ráta 1,170 a bhí i gcontae na Mí, 1,082.3 a bhí i nGaillimh agus 979 a bhí i gCiarraí.

Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 19 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe.

Fógraíodh 640 cás nua den ghalar níos túisce tráthnóna.

823 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt. Tá 65 díobhsan in aonaid dianchúraim.

271,244 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 174,843 cás ó dheas den teorainn agus 96,401 cás ó thuaidh di.

4,241 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,616 duine ó dheas den teorainn agus 1,625 duine ó thuaidh di.

Idir an dá linn, ghlac 5,000 cúntóirí riachtanais speisialta, múinteoirí oideachas speisialta agus príomhoidí scoile páirt i seimineár físe le hoifigigh sláinte inniu chun pleananna na Roinne Oideachais d’athoscailt bunscoileanna Déardaoin le haghaidh leanaí a bhfuil riachtanais oideachais bhreise acu a phlé.

Cuireadh sonraí ar fáil ag an seimineár a léirigh go bhfuil ráta tolgtha an víris  i bhfad níos ísle i measc páistí atá ag freastal ar crecheanna ná an ráta sa bpobal. 

Dúirt an Dr Kevin Kelleher ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh an chomhairle sláinte phoiblí ábalta cosaint a thabhairt freisin i gcoinne na gcineálacha nua den víreas ach cloí léi.

Dúirt an Dr Abigail Collins, saineolaí sláinte phoiblí nach bhfuil aon rud “ saor ar fad ó riosca” ach gur ar mhaithe leis an riosca sin a laghdú nach bhfuil scoileanna ag oscailt go hiomlán. 

Níl glactha ag na ceardchumainn ar fad leis na socruithe nua go fóill.

Fág freagra ar '2,121 cás nua fógartha, ochtar eile básaithe de dheasca an víris'