D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna 211 cás nua den Covid-19 agus bhain 121 acusan le Baile Átha Cliath, nó 57%.
Duine amháin eile a raibh an galar air atá básaithe.
Bhain ocht gcinn de na cásanna nua le Corcaigh. Cúig chás nua a bhí sa Ghaillimh agus cúig cinn a bhí i nDún na Gall. Bhí cásanna nua chomh maith i gCiarraí, i Maigh Eo, i bPort Láirge agus i gcontae na Mí.
Bhain 17 cás le contae Lú agus bhí deich gcinn i Luimneach. Seacht gcás a bhí san Iarmhí, seacht gcinn a bhí i gCill Mhantáin agus bhí sé cinn i Laois.
Foilsíodh na figiúirí nua tráth a bhfuiltear i mbun marana faoi shrianta breise a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath.
Tá srianta breise i dtaca le cuairteanna tí tugtha isteach cheana féin i gceantair áirithe i mBéal Feirste agus sa Bhaile Meánach. 88 cás nua den ghalar a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu.
Tá sé deimhnithe gur bhain 28% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air.
Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 42 cás.
Bhí 73% de daoine a buaileadh faoi bhun 45 bliain d’aois.
38,694 cás atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 30,571 cás ó dheas den teorainn agus 8,123 cás ó thuaidh di.
2,349 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,781 duine ó dheas agus 568 ó thuaidh.
Fág freagra ar '211 cás nua den choróinvíreas fógartha, duine amháin eile básaithe'