21 cás nua deimhnithe, tréimhse ‘an-éiginnte’ romhainn

2,305 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,749 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di

21 cás nua deimhnithe, tréimhse ‘an-éiginnte’ romhainn

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe.

21 cás nua a deimhníodh.

Cé nach raibh aon bhás eile de dheasca Covid-19 le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu, deimhníodh gur aimsíodh 16 cás nua. Deimhníodh go rabhthas tagtha ar bhraisle cásanna i Léim an Mhadaidh i nDoire agus go raibh baint ag naoi gcás leis an mbraisle sin.

2,305 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,749 duine ó dheas den teorainn agus 556 ó thuaidh di.

31,513 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,698 cás ó dheas den teorainn agus 5,815 cás ó thuaidh di.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, cathaoirleach an ghrúpa a dhéanann réamh-mheastacháin faoin eipidéim do shaineolaithe na Roinne Sláinte, gur “údar imní” an t-ardú atá tagtha ar líon na gcásanna nua den ghalar agus ar an ráta scaipthe.

Dúirt an tOllamh Nolan go mbeadh cúrsaí “an-éiginnte” i dtaobh an ghalair as seo go ceann cúpla seachtain.

“Na cásanna a bheidh á dtuairisciú againn an tseachtain seo chugainn, tá an galar tolgtha anois acu, ach mar sin féin tá an chumhacht againn srian a chur le scaipeadh agus tionchar an ghalair ina dhiaidh sin.

“Is é an bealach chun é sin a dhéanamh ná cloí leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí agus rudaí a bhfuil contúirt mhór ag baint leo a sheachaint,” arsa an tOllamh Philip Nolan.

Dúirt sé go meastar gur ag 1.4 atá ráta scaipthe an ghalair faoi láthair ach go bhféadfadh sé a bheith chomh hard le 1.8.

Dá mbeadh sé chomh hard le 1.8 agus dá bhfanfadh sé mar sin d’fhéadfadh go mbeadh 170 cás in aghaidh an lae againn faoi cheann cúpla seachtain.

Thart ar 20 cás nua in aghaidh an lae ar an meán a bhíonn faoi láthair ann, i gcomparáid le 9-10 cás in aghaidh an lae ag deireadh na míosa seo caite.

Idir an dá linn, thug airí rialtais éagsúla le fios inniu go mb’fhéidir go gcuirfí siar arís ar an 10 Lúnasa an chéim dheireanach de phlean díchuibhrithe an Rialtais.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar nach n-osclófaí na tithe tábhairne ná clubanna oíche roimh an 10 Lúnasa ach nárbh ionann sin agus a rá go mbeadh cead oscailte acu an lá sin.

Deir an Rialtas go bhfuil tús áite á thabhairt acu d’athoscailt na scoileanna sa bhfómhar agus do na seirbhísí sláinte ar cuireadh stop leo le linn na paindéime.

Táthar ag impí ar aon duine a aithnítear mar ghartheagmhálaí ag duine a tholg an galar tástáil a fháil láithreach. Tá na húdaráis sláinte agus an Rialtas buartha faoin líon ard daoine nach ndéanann amhlaidh.

Tá ardú tagtha ar líon na mbraislí cásanna ar fud na tíre le roinnt laethanta anuas ach tá ardú tagtha chomh maith ar líon na ngartheagmhálaithe nach bhfuil tástálacha á bhfáil acu.

Deir na húdaráis nach n-éireoidh leo scaipeadh an ghalair a chur faoi chois mura mbíonn a fhios acu cén líon daoine a bhfuil an galar orthu agus cá bhfuil an galar á scaipeadh.

Maidir leis an gcinneadh nach mbeidh an Stát ag bogadh ar aghaidh go dtí Céim 4 den Phlean Díchuibhrithe go dtí an 10 Lúnasa, dúradh gur fearr stop a chur le scaoileadh na srianta dianghlasála anois seachas titim ar gcúl arís.

Dúradh go rabhthas ag déanamh go maith den chuid is mó maidir le scaipeadh an ghalair a choinneáil faoi chois ach go raibh ardú beag tagtha de réir a chéile ar líon na gcásanna nua agus gur údar imní sin toisc a thógálaí is atá an Covid-19.

Fág freagra ar '21 cás nua deimhnithe, tréimhse ‘an-éiginnte’ romhainn'