20,909 cás nua den víreas fógartha, dóchas go bhfuil buaic na maidhme Omicron bainte amach againn

9,052 duine a raibh an galar orthu ar atá básaithe in Éirinn ó thosach na paindéime, 6,035 duine ó dheas den teorainn agus 3,017 ó thuaidh di

20,909 cás nua den víreas fógartha, dóchas go bhfuil buaic na maidhme Omicron bainte amach againn

20,909 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna. Fógraíodh freisin go bhfuil 83 duine a raibh an víreas orthu básaithe le seachtain anuas.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth go ndúirt an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go bhféadfadh go bhfuil buaic na maidhme Omicron bainte amach againn agus gur ag laghdú a bheidh líon na gcásanna feasta.

6,035 duine a raibh Covid-19 orthu a bhásaigh sa stát ó thús na paindéime.

3,017 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh sa Tuaisceart, rud a fhágann gur 9,052 a bhí i gceist in Éirinn go dtí seo.

1,055 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil ó dheas, seachtar níos lú ná mar a bhí ansin inné. Bhí 92 díobhsan in aonad dianchúraim, an líon céanna is a bhí i gceist inné.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh beirt eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,922 cás nua a fógraíodh ansin inniu.

439 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 29 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Ón Aoine bheag seo, ní call do ghartheagmhálaithe a bhfuil an teanndáileog faighte acu fanacht sa mbaile.

Tá cúig lá aonraithe le déanamh ag a leithéid de dhuine faoin treoir atá i bhfeidhm faoi láthair.

Ó mheán oíche Déardaoin, ní bheidh ar an ngartheagmhálaí a bhfuil an teanndáileog faighte aige fanacht amach ó dhaoine eile ach beifear ag moladh dó masc ardchaighdeáin a chaitheamh agus tástáil antaigine a dhéanamh go rialta.

Dúirt an tAire Sláinte inniu go mbeadh na treoracha nua seo i bhfeidhm go dtí an 27 Feabhra mura dtagann aon athrú ar chúrsaí idir seo agus sin.

Táthar ag súil go laghdóidh an t-athrú seo an brú atá ar sheirbhísí riachtanacha agus ar an gcóras sláinte agus maidhm Omicron ag scaipeadh fud fad na tíre.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan, go bhféadfadh an cineál fíorthógálach sin den choróinvíreas a bheith tolgtha ag suas le 500,000 duine sa tír seo le seachtain.

Seacht lá féinaonraithe a bheidh le déanamh ag duine nach bhfuil an teanndáileog faighte aige agus a bhí i ngartheagmháil le duine a bhfuil an víreas tolgtha aige agus é sin deimhnithe le tástáil.

Aon duine ar dheimhnigh tástáil go raibh an víreas air, in áit 10 lá ag seachaint daoine, seacht lá a bheidh le déanamh aige feasta.

Moltar dóibh tástáil antaigine a dhéanamh sula rachaidh siad in áiteanna plódaithe nó i ngar do dhaoine lasmuigh den teaghlach arís.

Gartheagmhálaithe a raibh an Covid-19 orthu le trí mhí agus nach bhfuil an teanndáileog faighte acu, beidh an t-aonrú cúig lá a bhíodh ann go dtí seo maite dóibh freisin.

Daoine atá idir ceithre bliana agus 39 bliain, ní gá dóibh tástáil PCR a bheith acu mar déanfaidh tástáil antaigine an gnó.

Sa gcás go léiríonn an tástáil antaigine ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil an víreas orthu, iarrtar orthu an toradh a chlárú ar shuíomh an HSE agus sonraí a ngartheagmhálaithe a liostú.

Tá sé ráite ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) go mbeadh an Covid-19 tolgtha ag leath de dhaonra uile na hEorpa faoi cheann sé nó ocht seachtaine.

Fág freagra ar '20,909 cás nua den víreas fógartha, dóchas go bhfuil buaic na maidhme Omicron bainte amach againn'