2,029 cás nua fógartha, 88 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

1,051 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

2,029 cás nua fógartha, 88 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

Tá 2,029 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

448 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, sé dhuine dhéag níos lú ná inné, agus bhí 88 acusan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná mar a bhí i gceist inné.

1,051 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,639 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

357 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, beirt níos mó ná inné, agus tá 35 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná inné.

Agus daoine ag súil go mór le maolú mór ar na srianta sláinte phoiblí amárach, a  bheith faichilleach agus cúramach an teachtaireacht atá ag teacht ón Rialtas.

D’iarr an Taoiseach Micheál Martin ar dhaoine gan dul isteach in ionaid fáilteachais is siamsaíochta nach seiceálann na teastais Covid ag an doras.

Agus é sa mBruiséil inniu, dúirt an Tánaiste Leo Varadkar nach bhféadfadh aon duine a gheallúint “nach gcuirfí srianta paindéime i bhfeidhm arís”.

“Bhí sin soiléir i litir an Phríomhoifigigh Leighis,” a dúirt an Tánaiste.

Mhaígh an Tánaiste go raibh muid níos ullmhaithe anois, go raibh “800 leaba bhreise againn sna hospidéil, teacht againn ar leapacha sna hospidéil phríobháideacha agus leapacha breise ar fáil i gcás géarchéime in aonaid dianchúraim”.

D’iarr an Dr Tony Holohan ar dhaoine a bhfuil na trí scór bliain sáraithe acu gearradh siar ar a gcuid gluaiseachtaí. Dúirt an Dr Holohan gur bhreá leis mura mbeadh gá feasta leis an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) ach go raibh “cor curtha curtha de ag an ngalar nár theastaigh uainn” agus gur theastaigh saineolaithe éagsúla chun an scéal a mheas agus comhairle a sholáthar don Roinn Sláinte. Tháinig ardú 13% ar an líon cásanna den Covid-19 a deimhníodh an tseachtain seo caite ón tseachtain roimhe sin.

Fág freagra ar '2,029 cás nua fógartha, 88 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim'