2020 – Faoiseamh faoin mBreatimeacht ag deireadh bhliain na heagla sa Tuaisceart

Bliain sách corrach agus sách scanrúil a bhí in 2020 ó thuaidh den teorainn

2020 – Faoiseamh faoin mBreatimeacht ag deireadh bhliain na heagla sa Tuaisceart

Bliain na paindéime. Mórán mar a luaitear an fliú Spáinneach le 1918 beidh lipéad Covid-19 ar an mbliain scanrúil seo go deo. I dtús na bliana ba é an Breatimeacht a bhí ag déanamh imní dá lán ach chuir an coróinvíreas in áit na leathphingine é don mhórchuid go dtí le gairid. An mhí seo bhí an péire acu mar thaibhsí ag an bhféasta agus ba mhór an faoiseamh é gur thángthas ar réiteach sna cainteanna trádála an tseachtain seo caite a fhágann gur seachnaíodh an Breatimeacht gan mhargadh.

Fuair breis is 1,100 i dTuaisceart Éireann bás den aicíd Covid-19 in 2020, a bhformhór mór gan gaol gan cara ina bhfochair, iad ag brath ar chineáltas na n-oibrithe sláinte a rinne gaisce éachtach.

Ón 19 Márta nuair a fógraíodh den chéad uair go raibh duine básaithe den Covid-19 agus go raibh 77 cás den ghalar deimhnithe, tholg os cionn 605,000 an galar, beagnach duine as gach triúr den daonra anseo. Chuathas i dtaithí ar na híomhánna truamhéalacha de dhaoine in ionaid chúraim ag déanamh teagmhála lena muintir trí fhuinneoga, a n-aghaidh clúdaithe ag masc.

B’ualach trom do rialtais ar fud na cruinne dul i ngleic leis an bpaindéim. Níor thaise sin do Stormont a athbhunaíodh mí Eanáir tar éis trí bliana de phairilis. Bhí pionós gearrtha ag na vótóirí ar an DUP agus Sinn Féin in olltoghchán Westminster an mhí roimhe sin. Thapaigh Státrúnaí na Breataine, Julian Smith agus Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann, Simon Coveney, an deis chun tathant orthu filleadh ar an obair.

Níor fhág Smith agus Coveney an dara rogha ag an dá pháirtí mhóra ach filleadh nuair a d’fhoilsigh siad plean a bhí pléite agus athphléite i gcainteanna réitigh. New Decade, New Approach an teideal a tugadh ar an bplean a bhí in ainm is a chinntiú go mbeadh roinnt na cumhachta ar bhealach a leasa agus deireadh leis an mífheidhm a bhí mar chomhartha sóirt ar Stormont sular thit sé in Eanáir 2017.

Ghlac na mionpháirtithe, an SDLP, an UUP agus Alliance páirt sa bhFeidhmeannas leis an DUP agus Sinn Féin ar an gcoinníoll nach ndéanfadh an dá mhórpháirtí beag is fiú díobh an geábh seo. Bhí an cúrsa nua sin sách corrach agus roinnt ag rá i mí na Samhna go mbeidís éirithe as murach an phaindéim.

Ar Robin Swann, fear ciúin a d’éirigh as ceannaireacht an UUP chun saol socair a chaitheamh, a thit an crann glacadh leis an bpost ba dhúshlánaí ar fad – an aireacht sláinte. Ní raibh aon choinne leis an bpaindéim nuair a chuaigh sé i mbun oibre ach bhí bail chomh holc sin ar an gcóras sláinte nár dhrann aon pháirtí eile leis an gcúram.

Bhí na haltraí ar stailc, na línte feithimh imithe ó smacht ar fad agus foláirimh á dtabhairt ag saineolaithe go mbeadh othair i mbaol. Bhí carn de thuarascálacha ag moladh atheagar a chur ar an gcóras sláinte ar an mbord roimh Robin Swann. Réitíodh an stailc ach ní raibh a dhath eile déanta faoin am ar tháinig an coróinvíreas.

Láimhseáil Swann an phaindéim staidéarach go leor cé gur bhotún mór é gan cur chuige uile-oileáin a ghlacadh. Fearacht airí ina lán áiteacha eile theip air na hionaid chúraim a chosaint ag an tús agus réab an aicíd tríothu. Seans nach raibh sé chomh ceannasach mar aire sláinte is a bhí riachtanach ach bhí air déileáil le coraíocht idir dreamanna eile.

Ag an tús bhí an Chéad-Aire, Arlene Foster agus an DUP ag iarraidh sampla rialtas na Breataine a leanúint agus an LeasChéad-Aire, Michelle O’Neill agus Sinn Féin ag brú cur chuige rialtas na hÉireann. Tháinig siad ar chóras comhaontaithe ar feadh tréimhsí ach bhain sochraid mhór Shinn Féin d’iarchomhalta den IRA, Bobby Storey, croitheadh as a gcaidreamh.

Laghdaigh sin muinín an phobail sa teachtaireacht faoi shrianta Covid-19 ó Stormont agus ó Michelle O’Neill, Sinn Féin, go háirithe. I mbéal na Nollag dúirt Comhairle Chathair Bhéal Feirste nach bhfoilseofaí a tuairisc ar fhiosrú faoi shochraid Storey go dtí an athbhliain agus ní raibh amharc ar bith ar thuairisc an PSNI ar a fhiosrú siúd.

Bhain naimhdeas fheisirí Parlaiminte an DUP, Sammy Wilson agus Ian Paisley, leis na srianta de mhuinín an phobail sa teachtaireacht sláinte phoiblí freisin. Maíodh go raibh siadsan ag saighdeadh a gcomhghleacaí Edwin Poots, an tAire Talmhaíochta sa bhFeidhmeannas, a nocht a mhíshástacht le srianta go mion minic. Ní raibh Arlene Foster in ann iad a cheansú agus a húdarás mar cheannaire an pháirtí go mór in amhras.

Thug Arlene Foster – agus na polaiteoirí ar fad – na sála leo ó scannal an RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite a bhunaigh Foster, gan aon teorainn curtha le deontais, ach tá eite den DUP a bhíonn ag sciolladh uirthi ar chúla téarmaí go seasta.

Baineadh siar as daoine nuair a bhain an DUP úsáid as veto sa bhFeidhmeannas chun stop a chur le srianta a mhol Robin Swann. Ní hionann an veto sin agus an achainí chásmhaireachta sa Tionól, is uirlis í a cuireadh mar aguisín le Comhaontú Aoine an Chéasta ar iarratas an DUP i gCill Rímhinn. Náirigh an cleas sin iad, go háirithe ó bhí orthu cúlú uaidh an tseachtain dár gcionn chun dianghlasáil a cheadú.

Bhí an DUP diongbháilte de go gcaithfí gnólachtaí, siopaí agus bialanna a athoscailt ar an 11 Nollaig. An lá sin fógraíodh 538 cás nua den aicíd Covid-19 agus bhí dháréag eile básaithe. Thug saineolaithe agus Robin Swann foláireamh go mbeadh dianghlasáil an-trom i ndán dúinn sa mbliain úr mura mbeadh daoine níos cúramaí. Meascán den dánacht agus den fhaitíos a bhí le clos ó na sluaite sna siopaí.

Bhí eagla go forleathan freisin faoi Bhreatimeacht, agus scaradh gan mhargadh ag bagairt. Ba é Lá Caille lá na cinniúna agus bhí lucht iompair, miondíoltóirí agus déantúsóirí  ag éirí an imníoch. Ach thángthas ar mhargadh sa deireadh agus cé go raibh aontachtaithe in árach a chéile faoi ‘theorainn i Muir Éireann’, an UUP agus an TUV ag cur an mhilleáin ar an DUP faoin gcor sin, bhí formhór daoine sásta gur seachnaíodh an tubaiste.

Ní mioncheisteanna iad na nithe nár fuasclaíodh i mbliana, cabhair d’íobartaigh, oidhreacht na dTrioblóidí, cearta reachtúla teanga, athchóiriú ar an gcóras sláinte agus liosta fada eile. Tá siad fós gan déanamh.

Ba í 2020 an bhliain ar cailleadh laochra móra an SDLP. Mhair Séamus Mallon go bhfaca préamhacha athbheochana sa pháirtí. I mí Lúnasa i lár na paindéime cailleadh John Hume, fathach a linne nach raibh ar fónamh le fada. Mar ba dhual dó agus dá bhean Pat comhlíonadh srianta na paindéime ar a shochraid – ócáid a mbeadh ceannairí na cruinne uirthi ar an ngnáthbhealach, chomh maith leis an gcosmhuintir arbh é a leas a bhí mar threoir agus mar aidhm aige.

Fág freagra ar '2020 – Faoiseamh faoin mBreatimeacht ag deireadh bhliain na heagla sa Tuaisceart'