2016: trí mhórcheist idirnáisiúnta a chinnteoidh deireadh le meon an náisiúnstáit

Cíorann ár gcolúnaí trí mhórcheist idirnáisiúnta a mbeidh seilbh acu ar cheannlínte na nuachta sa bhliain atá romhainn

050615-N-0000X- 001

Déanfar 1916 a chomóradh in Éirinn i mbliana. Agus leis sin, déanfar dearcadh ar an saol a cheiliúradh atá ag imeacht as faisean ar luas lasrach agus nach bhfillfidh go deo na ndeor: meon an náisiúnstáit.

Cén fáth a ndeirim go bhfuil lá an náisiúnstáit caite? Tá trí mhórcheist idirnáisiúnta ar chlár nuachta na bliana 2016 nach n-éireoidh le tír ar bith aghaidh a thabhairt orthu ina haonar, trí cheist phráinneach a gcuirfidh meon paróisteach an náisiúnstáit bac ar a réiteach.

Seo hiad:

Ceist na dteifeach

2. Ceist na sceimhlitheoireachta

3. Ceist athrú na haeráide

An t-am seo den bhliain, baintear amach na liathróidí criostail chun an todhchaí a thuar. Ach i mbliana, fágfaidh mé faoi thráchtairí eile é tairngreachtaí a dhéanamh faoi bhuaiteoir thoghchán uachtaránachta Mheiriceá, faoin bhfoireann bhuacach i gCraobhchomórtas Sacair na hEorpa; faoina bhfuil i ndán don euro.

B’fhearr liom na trí mhórcheist thuas a phlé ina gceann is ina gceann, óir is beag lá sa bhliain atá romhainn nach mbeidh seilbh ag ceann acu ar cheannlínte na nuachta.

Ceist na dteifeach

Dhá eisceacht – an Ghearmáin agus an tSualainn – fágtha as an áireamh, go dtí seo, ba náireach an chaoi a ndeachaigh (nó nach ndeachaigh) an Eoraip i ngleic leis an sruth seasta teifeach ón meánoirthear agus ón Afraic.

Tá gach cosúlacht ar an scéal gur i méid agus ní i laghad a bheidh líon na n-inimirceach ag dul sa bhliain atá romhainn. Dá bhrí sin, tá cur chuige lárnach, aontaithe ag teastáil chun na daoine atá ag lorg dídine san Eoraip a athlonnú agus iad a roinnt thar na ballstáit éagsúla ar bhealach cothrom. 

Níl aon rogha eile ann. Nó arbh fhearr linn i ndáiríre ligint dóibh bás a fháil ar a mbealach trasna na Meánmhara, nó iad a chur ar ais chuig an ifreann as ar theith siad? Más amhlaidh an scéal, ní fiú cac an diabhail í an fhéiniúlacht Eorpach a deir an eite dheis a theastaíonn uaithi a chosaint – óir is féiniúlacht mhídhaonna a bheadh inti. 

Is ea, athróidh teacht na gcéadta míle teifeach – nó na milliún, cá bhfios – sochaí na hEorpa go brách. Ach an drochrud é sin? Cuirimis fáilte roimh an athrú. Breathnaímis ar an gcasadh seo sa stair mar dheis chun an Eoraip a tharraingt le chéile ar bhealach dearfach, mar dheis chun sochaí níos ilghnéithí agus, ag an am céanna, níos aontaithe agus níos cothroime a fhuineadh.

Ceist na sceimhlitheoireachta

Céard iad na huafáis sceimhlitheoireachta a bheidh romhainn i mbliana? Ní fios ach an méid seo: beidh a leithéidí ann. Ní chuirfeadh sé ionadh ar mhórán dá dtarlódh mórionsaí eile den chineál a tharla i bPáras i mí na Samhna 2015 i gceann de na ceithre thír seo: an Fhrainc, an Bheilg, an Bhreatain agus an Ísiltír. Is as na tíortha sin don chuid is mó de na fir agus na mná óga radacacha a thug aghaidh ar an meánoirthear le blianta beaga anuas chun troid in arm ISIS.

Is ar na tíortha sin a fhillfidh siad má shocraíonn siad sléacht agus ár a dhéanamh san Eoraip: is fearr a n-eolas ar na tíortha sin ná ar aon áit eile agus, go deimhin, is iad sochaithe deighilte na dtíortha sin a spreag a radacú an chéad lá riamh.

Níl dabht ar bith faoi ach go mbeidh béim ar leith ar cheisteanna sábháilteachta le linn an dá mhórimeacht spóirt a eagrófar sa bhliain 2016: Craobhchomórtas Sacair na hEorpa agus Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh.

Sa Fhrainc a imreofar Euro 2016. Ar chúiseanna soiléire – tá an tír faoi bhagairt cheana, tá sí tar éis géarú ar a feachtas buamála sa tSiria agus is as an bhFrainc ó dhúchas do mhórchuid trodaithe ISIS – is mó an seans go dtarlóidh eachtra sceimhlitheoireachta le linn Craobhchomórtas Sacair na hEorpa ná le linn na gCluichí Oilimpeacha a bheidh ar siúl i gcathair Rio de Janeiro.

Níl baint ná páirt ag an mBrasaíl leis na coimhlintí éagsúla sa mheánoirthear; níl an tír ar liosta na namhad atá ag ISIS. Mar sin féin, ní féidir ionsaí sceimhlitheoireachta a chur as an áireamh ag na Cluichí Oilimpeacha: beidh lúthchleasaithe ó thíortha a bhfuil baint acu leis na coimhlintí sa mheánoirthear ag glacadh páirte sna comórtais agus beidh an domhan ar fad greamaithe leis an scáileán ag féachaint orthu.

 Tá a ndóthain fadhbanna ag an mBrasaíl, ach ar ámharaí an tsaoil, níl an sceimhlitheoireacht ar cheann acu. Fágann sé sin, áfach, nach bhfuil mórán taithí sa tír chun dul i ngleic le dúshlán na sceimhlitheoireachta.

Líon ollmhór póilíní míleata a chur ar an tsráid an bealach a bhíonn ag na húdaráis sa Bhrasaíl le aghaidh a thabhairt ar dhúshlán sábháilteachta ar bith, ach ní léirseoirí a bheadh ag caitheamh brící iad, pé sceimhlitheoirí a dteastódh uathu úsáid a bhaint as na Cluichí Oilimpeacha mar ardán dá gcuid drámaíochta fuiltí. Theastódh faisnéis, agus taithí na mblianta chun an fhaisnéis sin a láimhseáil, chun ionsaí sceimhlitheoireachta a chloí.

Ós rud é gur ag caint ar an ábhar seo muid, cén chaoi ar féidir ISIS (nó, go deimhin, aon sceimhlitheoirí eile) a chloí? Tuilleadh buamaí? Pé bua a bhainfí amach ar an gcaoi sin sa ghearrthréimhse, chuirfeadh an fáinne fí foréigin a chothófaí ar ceal é san fhadthréimhse. Is fearr míle uair cosc ná leigheas: arm i bhfad níos cumhachtaí ná buama is ea an meangadh gáire ionraic – gáire a théifeadh croí an té a bheadh ina sceimhlitheoir sula reofadh fuacht an fhuatha é. An dúshlán is mó atá romhainn faoi láthair san Iarthar ná a chinntiú nach mothaíonn éinne go bhfuil sé féin, nó a phobal, á scoitheadh amach ón tsochaí.

Ceist athrú na haeráide

Má theastaíonn fianaise ar bith ó éinne gur idé-eolaíocht neamh-inbhuanaithe atá i meon aigne an náisiúnstáit, seo é: athrú na haeráide. Tá an fharraige ag ardú, tá an fásach ag leathnú. Ní cás le téamh na cruinne aicme ná cine, ná na teorainneacha tútacha a cheap an duine chun a fhéiniúlacht fhánach a chosaint. Fánach, a deirim: cad is fiú féiniúlacht mura bhfuil i ndán di ach bá faoi sháile oighear leáite an Artaigh agus an Antartaigh nó loscadh faoi ghrian gharg an triomaigh?

Caithfear éisteacht, ní le glórtha a dteastaíonn uathu muid a roinnt agus a dhealú óna chéile, ach le glór na cruinne féin. Caithfear éisteacht agus cur le chéile. Caithfear léimt ar thraein, ar bhus, ar rothar, isteach i gcarr leictreach más gá. Caithfear deireadh a chur le baint na hola, an ghuail, na móna. Caithfear an leas comhchoiteann a chur roimh leas an duine aonair, leas an domhain roimh ‘méféiniúlacht’ na náisiúnstát.

Ord domhanda nua?

Fógraítear ord nua domhanda go tráthrialta. Fógraíodh réabhlóid na Fraince, fógraíodh an réabhlóid thionsclaíoch; fógraíodh réabhlóid na Rúise. Fógraíodh neamhspleáchas na náisiúnstát. Fógraíodh tríú reich na Naitsíoch. Fógraíodh an chéad, an dara agus an tríú domhan. Fógraíodh an nualiobrálachas. Fógraíodh an Ioslamafhaisisteachas.

Theip, tá ag teipeadh, nó teipfidh orthu ar fad.

Theip ar gach reiligiún agus ar gach idé-eolaíocht a cumadh go dtí seo an domhan a aontú – agus is maith sin, mar scrios gach reiligiúin eile agus scrios gach idé-eolaíocht eile (agus leis sin, saoirse an duine) aidhm dheiridh gach iarrachta.

Ina ainneoin sin ar fad, an bhfuil sé in am Ord Domhanda Úrnua a fhógairt: Ré na hÉiceolaíochta?

B’fhéidir gur fánach an mhaise d’éinne a bheith ag súil go n-éireodh leis an éiceolaíocht san áit ar theip ar an gCríostaíocht agus ar an Ioslám; san áit ar theip ar chaipitleachas agus ar chumannachas. Ach tá ‘bua’ ag an éiceolaíocht thar aon fhealsúnacht eile: ní thiocfaidh an domhan slán dá huireasa. Cath é an troid i gcoinne athrú na haeráide nach féidir linn éalú uaidh. Dá bharr sin, cén fáth nach mbreathnóimis air mar dheis dhearfach?

Guím gach rath ar léitheoirí Tuairisc.ie sa bhliain atá romhainn. Nach méanar dúinn go bhfuilimid beo ag am chomh cinniúnach?

Fág freagra ar '2016: trí mhórcheist idirnáisiúnta a chinnteoidh deireadh le meon an náisiúnstáit'

  • Eoin Ó Cróinín

    Feictear domsa gur a mhalairt atá fíor – tá an náisiún-stát ag éirí níos tábhachtaí arís lenár linn. Chun daoine a chosaint ón sceimhlitheoireacht tá seirbhís cosanta an stáit ag teastáil. Tá daoine sásta fiú roinnt saoirse a ghéilleadh don stát chun baol sceimhlitheoireachta a laghdú. I ndiaidh ionsaithe sceimhlitheoireachta sa Fhrainc bhí taispeántais mhóra tírghrá ann – bratacha Francacha á leíriú ag an bpobal don chéad uair leis an blianta nuair ba nós leo caitheamh anuas ar na Meiriceánaigh don rud céanna a dhéanamh, daoine ag canadh an amhráín náisiúnta gan náíre, srl. Anuas air sin, tá sé tugtha faoi ndeara go bhfuil féiniúlacht lag an náisiún-sait ar cheann de na cúiseanna go bhfuil éirithe ag ISIS daoine óga a earcú – níl ag éirí le tíortha Eorpacha luachanna an daonlathais a chun cinn i measc inimirceach, rud a fhágann nach bhfuil dílseacht ar bith acu do thíortha an Iarthair.

    Tá an náisiún-stát éirithe tábhachtach arís i gceist na himirce freisin. Tá an Bhreatain ag iarraidh smacht a fháil a dteorainneacha arís, cuir i gcás, mar tá sé tugtha faoi deara acu nach bhfuil siad in ann srian a chur leis an inimirce de réir riaclacha an Aontais Eorpaigh. Go deimhin, tá baol ann anois go bhfágfaidh an Bhreatain an t-Aontas Eorpach chun neamhspleáchas a náisiún-stáit a bhaint amach arís. Tá borradh ar pháirtithe pobalacha ar nós UKIP agus Front National a ath-dhearbhaíonn féiniúlacht an náisiúin agus a léiríonn easpa muiníne gnáthdhaoine san AE.

    Maidir le ‘Ré na hÉiceolaíochta’ ní fheictear domsa gurb ann dó – tá eolaithe an-bhuartha faoi gan dabht agus deir polaiteoirí gur ‘gá rud éigin a dhéanamh’ ach léiríonn suirbhéanna go bhfuil gnáth-dhaoine san Iarthar níos buartha faoi ISIS faoi láthair: https://www.pewglobal.org/2015/07/14/climate-change-seen-as-top-global-threat/. Anuas air sin, is iad na tíortha ata i mbéal forbartha is mó a bheidh ag baint úsáide as foinsí in-athnuaite fuinnimh sna blianta atá amach romhainn – caithfidh siad leas a bhaint astu chun an caighdeán maireachtála atá againn san Iarthar a shroichint. An ndéarfaimid leo nach bhfuil cead acu a leithéid a dhéanamh mar gheall ar an athrú aeráide? Caithfidh siad glacadh leis an mbochtanas agus leis an easpa forbartha?

    • Eoin Ó Cróinín

      *foinsí neamh-inathnuaite fuinnimh

  • Eoin Ó Cróinín

    Anuas air sin, feictear domsa nach sásaíonn idé-eolaícht uilíoch ar bith – an Éiceolaíocht san áireamh – mianta an duine daonna. Tá náisiún-stát na hÉireann ag teastáil chun an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn, mar shampla. Cabhraíonn comhphobal agus comhbhá an náisiúin muid a spreagadh chun obair a dhéanamh ar son a chéile agus ar mhaithe leis na glúinte a chuaigh romhainn. Déanann Jonathan Haidt plé air seo sa leabhar ‘The Righteous Mind’ ina léiríonn sé gur sruchtúr polaitiúil é an náisiún-stát atá seasmhach agus ciallmhar mar go ligeann sé do phobal a gcúrsaí polaitiúila a stiúradh ar bhealach éifeachtach agus go gcothaíonn sé comhoibriú agus caidreamh i measc an phobail. Tá triail bainte againn as struchtúir eile – Impreacht, rialtas domhanda, cuir i gcás – ach tá teipthe orthu.

  • Pól Réamonn

    Agus bliain úr mhaith agat a Alex

  • Mise Áine

    Aontaím leat, a Alex… maith thú!