2016 san IFI – na scannáin a rinneadh mar fhreagra ar Ghluaiseacht na Saoirse

Caitheann ár gcomhfhreagraí súil chun cinn ar an raon fairsing imeachtaí ina ndéanfar Éirí Amach na Cásca agus Cogadh na Saoirse a cheiliúradh san IFI

Irish Destiny

D’fhógair Institiúid Scannán na hÉireann raon fairsing imeachtaí ina ndéanfar Éirí Amach na Cásca agus Cogadh na Saoirse a cheiliúradh.

Taispeánfar Mise Éire le George Morrison sa Cheoláras Náisiúnta ar an 21 Eanáir agus cloisfear fuaimrian an Riadaigh á chasadh beo reatha ag Ceolfhoireann Ceolchoirme RTÉ le linn an teilgin. Comhthionscnamh atá ann idir Gael Linn, RTÉ agus an IFI, agus beidh éileamh mór air, gan dabht, go háirithe ina measc siúd ar cuimhin leo an scannán a fheiceáil den chéad uair sna pictiúrlanna i 1960, agus mar a rug an scannán greim ar shamhlaíocht ghlúin chomórtha an leathchéid i mblianta buile na seascaidí.

Deir Ross Keane, stiúrthóir an IFI, “go dtugann comóradh Éirí Amach 1916 an deis dúinn polaitíocht, cultúr agus náisiúntacht na hÉireann a scagadh trí chriathar agus peirspictíocht an chineama.” Is é an comóradh ar 1916 an spreagadh atá ann chun athmhachnamh a dhéanamh ar Éirinn le linn an fichiú haois ar fad agus, gan amhras, is cuid thábhachtach den chomóradh sin na scannáin a rinneadh mar fhreagra ar Ghluaiseacht na Saoirse.

Tabharfar rith amach eile i gCeoláras Ollscoil Luimnigh i mí Feabhrado do Ryan’s Daughter, eipic mhór David Lean a d’fhág a rian ar stair an chineama in Éirinn, gan trácht ar an gcaoi a ndeachaigh sorcas Hollywood i gcion ar phobal, ar shícé is ar sheanchas nua-aoiseach Chorca Dhuibhne.

Taispeánfar Irish Destiny (1926) agus cloisfear ceol beo le Mícheál Ó Súilleabháin, sa Mermaid Arts Centre i mBré ar an 24 Aibreán. Is é Irish Destiny scannán ceannródaíoch Isaac (Jack) Eppel, poitigéar Giúdach a raibh siopa aige ar Shráid Mhuire i lár Bhaile Átha Cliath – scannán a shíl daoine a bheith caillte go dtí gur tháinig an IFI ar chóip de, i bhfolach i Leabharlann Chomhdháil Stáit Aontaithe Mheiriceá, sa bhliain 1991.

Tabharfar deis eile do mhuintir an iarthair súil as an nua a chaitheamh ar The Plough and the Stars (1937), léiriú cáiliúil John Ford, ina bhfuil Barbara Stanwyck agus Barry Fitzgerald i mbarr a maitheasa. Beidh sin á thaispeáint in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar an 26 Bealtaine. 

Cuirfear artola sa Cinémóibíl freisin, agus tabharfar Mise Éire, Irish Destiny agus The Plough and the Stars ar camchuairt timpeall na tuaithe. Agus beidh rian coise an IFI le feiceáil ag féilte i Nua-Eabhrac, Washington, Havana, Ottawa, Montreal, Toronto, agus ag Féile Scannán Éireann in Sydney na hAstráile.

Tá clár ceiliúrtha san Eoraip á chur le chéile faoi láthair, agus foilseofar tuilleadh eolais ó am go chéile ar chuile imeacht ar shuíomh idirlín an IFI – www.ifi.ie.

Fág freagra ar '2016 san IFI – na scannáin a rinneadh mar fhreagra ar Ghluaiseacht na Saoirse'