2,000 duine básaithe sa Tuaisceart de dheasca an choróinvíris ó thús na paindéime

5,948 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,000 duine ó thuaidh den teorainn agus 3,948 duine ó dheas di

2,000 duine básaithe sa Tuaisceart de dheasca an choróinvíris ó thús na paindéime

Tá 2,000 duine tar éis bháis sa Tuaisceart de dheasca an Covid-19 ó thús na paindéime.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna go bhfuil ceathrar eile a raibh an galar orthu básaithe. Fágann sin go bhfuil 2,000 duine básaithe de bharr an choróinvíris.

5,948 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,000 duine ó thuaidh den teorainn agus 3,948 duine ó dheas di.

Deimhníodh 234 cás nua den ghalar ó thuaidh tráthnóna.

318,729 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 209,582 cás ó dheas den teorainn agus 109,147 cás ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna inné go raibh 17 duine eile a raibh an galar orthu básaithe. 788 cás nua den ghalar a deimhníodh.

Fág freagra ar '2,000 duine básaithe sa Tuaisceart de dheasca an choróinvíris ó thús na paindéime'