18 scoil Ghaeltachta agus Ghaeilge ar liosta tógála an Aire Oideachais

D’fhógair an tAire Oideachais Jan O’Sullivan go dtosófar ar thógáil 70 togra scoile sa bhliain 2015. Ina measc sin, tá scór scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge.

00155763

Tá fáilte curtha ag Gaelscoileanna Teoranta agus ag an bhForas Patrúnachta araon roimh fhógra an Aire Oideachais faoi phlean tógála a Roinne don bhliain 2015. Tá 18 scoil lán-Ghaeilge i measc na scoileanna a d’ainmnigh an tAire inniu.

“Guíonn muid gach rath ar an obair thógála agus bheimis ag súil leis go mbeidh foireann agus daltaí na scoileanna thar a bheith sona agus sásta ina seomraí ranga nua,” a dúirt Gaelscoileanna Teo. i ráiteas inniu.

Tá cuid de na scoileanna ar an liosta i gcóiríocht shealadach le beagnach tríocha bliain anuas. Tá seachtó scoil ar liosta na Roinne agus tógfar idir fhoirgnimh nua agus síntí ar sheanfhoirgnimh an bhliain seo chugainn. Tógfar scoil nua i gcás na 18 scoil lán-Ghaeilge ar fad.

Tá ocht scoil ar an liosta faoi chúram an Fhorais Patrúnachta. Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí ar an bhForas Pátrúnachta go “gcuireann sé áthas ar an bhForas Pátrúnachta go bhfuil foirgneamh buana nua fógartha do na scoileanna seo do 2015.

Tá géarghá leo agus tá moladh le dul don Roinn as an obair tá ar siúl acu chun iad a sholáthar. Fós, tá scoileanna nach bhfuil cóiríocht chuí acu agus leanfaidh An Foras Pátrúnachta ar aghaidh ag obair leis an Roinn chun cóiríocht cheart a shocrú dóibh sa ghearrthéarma.”

Agus an plean á fhógairt aici, dúirt an tAire Oideachais Jan O’Sullivan go raibh géarghá leis an obair agus go raibh sé mar sprioc aici go mbeadh áit scoile ar fáil do gach páiste sa tír.

“Teastaíonn uainn scoileanna a mhéadú agus scoileanna nua a thógáil le freastal ar na riachtanais atá ag an daonra scoile, daonra atá ag fás.

Is í an aidhm atá agam ná a chinntiú go bhfuil a dhóthain áiteanna scoile sa chóras oideachais agus go bhfuil fáil ag gach páiste ar chaon cheann acu,” a dúirt sí.

Seo a leanas na scoileanna lán-Ghaeilge atá ar liosta na Roinne:

Screen Shot 2014-12-19 at 13.27.58

 

Fág freagra ar '18 scoil Ghaeltachta agus Ghaeilge ar liosta tógála an Aire Oideachais'

  • Seán Míchaél Ó Donnchadha

    Tá Gaelscoil Charraigh UÍ Leighin líostaithe faoi dhó agat. Seans gurbh é Gaelscoil Mhainistir Fhear Maí atá I gceist agat i dtaobh ceann amháin acu.!