20% de mhúinteoirí atá á bhfostú chun Gaeilge a theagasc neamhcháilithe

Tá an Ghaeilge ar an ábhar is measa atá buailte ag an ngéarchéim soláthar múinteoirí, dar le Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha

20% de mhúinteoirí atá á bhfostú chun Gaeilge a theagasc neamhcháilithe

Níl duine de gach cúigear a cheaptar chun an Ghaeilge a mhúineadh in iarbhunscoileanna na tíre cáilithe chuige sin, dar le Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha.

Thug an Cumann le fios go bhfuil an Ghaeilge ar an ábhar is measa atá buailte ag an ngéarchéim soláthar múinteoirí agus deacrachtaí ag scoileanna ar fud fiú iarrthóirí cáilithe a fháil chun cur isteach ar fholúntais do mhúinteoirí Gaeilge.

De réir tuairisce san Irish Times, léirigh suirbhé de chuid na heagraíochta, atá ionadaíoch ar 96 scoil, nach bhfuil suas le 20% de mhúinteoirí atá á bhfostú ar chonradh bliana cáilithe chun Gaeilge a mhúineadh.

Tugadh le fios go bhfuil deacrachtaí móra ag scoileanna Gaeltachta agus scoileanna lán-Ghaeilge folúntais a líonadh.

Dúirt Cumann na Scoileanna Pobail agus Cuimsitheacha cheana go bhfuil iarbhunscoileanna áirithe ag brath ar mhic léinn chun an Ghaeilge a mhúineadh mar gheall ar an nganntanas múinteoirí d’ábhair áirithe.

Dúirt siad go mbíonn ar bhainisteoirí scoileanna mic léinn a chur i mbun ranganna Gaeilge agus ranganna eile toisc nach bhfuil dóthain múinteoirí cáilithe ar fáil sna hábhair

Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG, Muireann Ní Mhóráin, ag tús na bliana seo go raibh an “baol ann do thodhchaí an oideachais lán-Ghaeilge” agus do theagasc na Gaeilge i “scoileanna uile” na tíre “mura gcinntítear soláthar múinteoirí láncháilithe le hardchaighdeán sa teanga”.

Dúirt Muireann Ní Mhóráin gur gá scéim nua a bhunú le daoine a mhealladh chun dul leis an múinteoireacht in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus in iarbhunscoileanna Gaeltachta.

Deir COGG agus lucht an ghaeloideachais gur measa go mór an fhadhb maidir le heaspa múinteoirí cáilithe in iarbhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Dúirt Ardfheidhmeannach na heagraíochta Gaeloideachas Bláthnaid Ní Ghréacháin  “gur seacht n-uaire níos measa” atá an easpa múinteoirí ionaid i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ná i scoileanna eile na tíre.

Tá titim 60% ar líon na ndaoine atá ag clárú le cúrsaí oiliúna múinteoireachta le cúig bliana anuas.

De réir figiúirí a foilsíodh níos túisce i mbliana bíonn deacrachtaí ag 90% den 2,800 scoil a thagann faoi scáth Bhainisteoirí na mBunscoileanna Caitliceacha múinteoirí cáilithe agus múinteoirí ionaid cáilithe a fháil.

De réir tuarascáil de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Éireann, i scoil amháin atá faoina chúram, ní raibh cáilithe chun Gaeilge a mhúineadh ach duine amháin as an gceathrar múinteoirí Gaeilge sa scoil.

Fág freagra ar '20% de mhúinteoirí atá á bhfostú chun Gaeilge a theagasc neamhcháilithe'

  • Seán Ó Floinn

    Sílim féin gur fearr do mhúinteoirí gan an Mháistreacht Ghairmiúil san Oideachas a dhéanamh mar gur cur ama dhá bhliain é, gan trácht ar an €12, 000 a chosnaíonn sé. Tá an oiread sin ‘teoiricí’ seafóideacha ar an gcúrsa: deirtear gur cheart don mhúinteoir seasamh siar agus cead a gcinn a thabhairt do dhaltaí bheith ag spraoi agus ag caint lena chéile seachas iad a theagasc, cuir i gcás. B’fhearr liomsa múinteoir a bheith agam nach bhfuil ach céim mhaith sa Ghaeilge aige ach nach bhfuil tar éis baothchaint na n-oideachasóirí a shlogadh siar.

  • Mánus

    Beidh rudaí níos measa de bharr nach bhfuil aon mhúinteoir óg in ann mirgáiste a fháil. Ní athróidh comhrialtas Soldiers of Destiny agus Ourselves an scéal toisc nach bhfuil bhfuil rud ar bith radacach molta ag Ourselves faoin nGaeilge sna 26 condae. Tá Soldiers of Destiny in aghaidh an dara aidhm ina mbunreacht fhéin . Thacaigh siad leis an díchoimisiniú atá déanta ag an rialtas. Níl réiteach praiticiúil molta ag Ourselves chun tabhairt faoin ngéarchéim. Is léir sin ón pholasaí Gaeilge atá ag Ourselves gur ar éigin go bhfuil plean ar bith acu ann chun múinteoirí a sholáthair dos na Gaelscoileanna fiú.