2% de bhuiséad Leabharlanna Bhaile Átha Cliath a chaitear ar leabhair Ghaeilge

Tugadh éachtaint ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta ar chás na leabhar Gaeilge sna leabharlanna 

2% de bhuiséad Leabharlanna Bhaile Átha Cliath a chaitear ar leabhair Ghaeilge

2% de bhuiséad iomlán leabhar Leabharlanna Bhaile Átha Cliath agus 5% de bhuiséad Leabharlanna na Gaillimhe atá á chaitheamh ar leabhair Ghaeilge.

Tugadh na méid sin le fios ag cruinniú de chuid Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta na Oireachtais an tseachtain seo.

Ba í an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly a chuir an cheist maidir leis an mbuiséad ar Áine Máire Ní Cheallaigh, Stiúrthóir Chathair Litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath agus Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath agus ar Bernie Kelly, Leabharlannaí Gníomhach Chontae na Gaillimhe.

“Tá €20,000 caite againn ar stoc Gaeilge ó 2019 i leith,” a dúirt Áine Máire Ní Cheallaigh. 

Nuair a chuir Catherine Connolly brú uirthi céatadán a thabhairt, d’admhaigh sí nach raibh ansin ach 2% den bhuiséad iomlán. 

Is í Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath an tseirbhís leabharlainne is mó in Éirinn, agus is í atá freagrach as seirbhísí poiblí leabharlainne a sholáthar do bhreis agus leathmhilliún duine as gcathair. 

“Tá i bhfad níos mó teideal ar fáil i mBéarla ná mar atá ar fáil i nGaeilge,” a deir Áine Máire Ní Cheallaigh. “Níl go leor ábhar ar fáil i nGaeilge. Agus ónár dtaithí, níl an t-éileamh ann. Tá córas lárnach leabharlainne againn sa tír seo. Ní dhéanann sé ciall eacnamaíoch níos mó a infheistiú nuair is féidir leabhair a roinnt ar fud na tíre.”

Dúirt na Teachta Dála Catherine Connolly gur dóigh go mb’fhéidir nach raibh “ciall eacnamaíoch” le tuilleadh leabhar Gaeilge a cheannach agus go raibh sé tábhachtach ábhar a roinnt, ach dúirt sí go “ndéanann sé “ciall ar leibhéal eile” níos mó leabhar Gaeilge a fháil mar go bhfuil “géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de”. 

“Ní mór dúinn na figiúirí a bheith againn agus iad a chur i gcomhthéacs, ach chomh maith leis sin, na dúshláin atá os bhur gcomhair ar gach leibhéal a aithint, ó thaobh an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn,” a dúirt Catherine Connolly.

Tarraingíodh aird ag na gcruinniú freisin ar an deacracht a bhaineann le rochtain a fháil ar ríomhleabhair agus ar chlosleabhair Ghaeilge.

“Tháinig borradh faoin tóir a bhí ar ríomh-acmhainní, go háirithe ríomhleabhair agus closleabhair, sa phaindéim,” a dúirt Áine Máire Ní Cheallaigh. 

“Bunaíodh nósanna nua tar éis na paindéime agus tá tóir ag ár n-úsáideoirí ar na hacmhainní seo i gcónaí. Mar atá ráite agam, áfach, tá drogall ar fhoilsitheoirí Gaeilge dul i ngleic lenár n-ardáin dhigiteacha. Tá obair fós le déanamh sa réimse seo.”

D’fhiafraigh Cathaoirleach an Chomhchoiste, Aengus Ó Snodaigh, cén sórt leabhair atá de dhíth ó na leabharlanna, nó cé na leabhair ar a bhfuil éileamh.

“Tá gá le tuilleadh neamhfhicsin do pháistí,” a dúirt Bernie Kelly, Leabharlannaí Gníomhach Chontae na Gaillimhe. “Tá roinnt leabhar ann sa gcatagóir sin ach níl a ndóthain.”

Dúirt Áine Máire Ní Cheallaigh go raibh leabhair sholéite do dhaoine fásta agus d’fhoghlaimeoirí ‘iontach’ agus bhí Aoife O’Kelly, cúntóir leabharlainne ó sheirbhís Leabharlainne Chontae na Gaillimhe, den tuairim go bhfuil gá le níos mó do ‘léitheoirí óga’, cosúil leis na cinn atá foilsithe ag O’Brien Press.

Dúirt Áine Máire Ní Cheallaigh go gceannaíonn Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath ‘ar a laghad cóip amháin de gach teideal Gaeilge a fhoilsítear in Éirinn’.

Ní tharlaíonn amhlaidh i Leabharlanna na Gaillimhe, mar gheall ar chúrsaí buiséid, a deir Bernie Kelly.

“Agus sibh ag freastal ar an nGaeltacht is mó sa tír!” a dúirt Catherine Connolly ar chloisint sin di.

Cuireadh roinnt figiúirí ar fáil ag an gcruinniú maidir le stoc Gaeilge Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath. Dúradh go bhfuil 28,820 earra stoic i nGaeilge sa mbailiúchán faoi láthair, gan na tréimhseacháin a chur san áireamh.

Sa mbliain 2020, tógadh 1,044 leabhar Gaeilge ar iasacht, agus tógadh 3,136 earra ar iasacht anuraidh. Idir Eanáir agus Aibreán 2022, tógadh 1,609 earra Gaeilge ar iasacht. 

“Ba cheart an phaindéim, tréimhse ina raibh an leabharlann dúnta agus nárbh fhéidir stoc fisiciúil a fháil ar iasacht, a chur san áireamh sna figiúirí seo,” a deir Áine Máire Ní Cheallaigh.

Fág freagra ar '2% de bhuiséad Leabharlanna Bhaile Átha Cliath a chaitear ar leabhair Ghaeilge'