196 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, srianta ar an mbealach i mBaile Átha Cliath

Bhain 12 de na cásanna nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna le Port Láirge agus bhain seacht gcinn le contae na Mí

196 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, srianta ar an mbealach i mBaile Átha Cliath

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna 196 cás nua den Covid-19 agus bhain 107 acusan le Baile Átha Cliath, nó 55%.

Ní raibh aon bhás eile de thoradh an ghalair le fógairt inniu.

Foilsíodh na figiúirí nua tráth a bhfuil an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ar tí a mholadh don rialtas srianta breise a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath.

Bhain 12 de na cásanna nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna le Port Láirge agus bhain seacht gcinn le contae na Mí.

Ciarraí an t-aon chontae Gaeltachta nach raibh aon chás nua luaite leis.

Bhain 11 cás le Luimneach, seacht gcinn a bhí i gCill Dara, sé cinn a bhí i Laois agus sé cinn a bhí san Iarmhí.

Bhain an 32 cás eile le 14 contae, Dún na nGall, Gaillimh agus Maigh Eo ina measc.

Tá sé deimhnithe gur bhain 43% de na cásanna nua le ráigeanna nó le duine a raibh gartheagmháil aige le duine a raibh sé deimhnithe cheana féin go raibh an galar air. Deimhníodh gur scaipeadh sa phobal ba chúis le 37 cás.

Bhí 61% de daoine a buaileadh faoi bhun 45 bliain d’aois ach bhain 27 den 196 cás le daoine os cionn 65 bliain d’aois, rud a luaigh an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, go sonrach ina ráiteas tráthnóna.

“Tá 37 cás arb é an scaipeadh sa phobal ba bhun leo againn inniu. 27 de na cásanna inniu, baineann siad le daoine os cionn 65 bliain d’aois. Cuirtear srian leis an deis a bhíonn ag Covid-19 scaipeadh sa phobal ach srian a chur lenár dteagmhálaithe agus tugtar cosaint dá bharr ó na gnéithe is measa den ghalar seo dár muintir, dár bpobal agus dóibh siúd is leochailí,” arsa an Dr Ronan Glynn.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna bás amháin eile de dheasca an Covid-19 agus fógraíodh go raibh 79 cás nua deimhnithe ó thuaidh den teorainn.

38,199 cás atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 30,164 cás ó dheas den teorainn agus 8,035 cás ó thuaidh di.

2,348 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh in Éirinn ó thús na paindéime, 1,781 duine ó dheas agus 567 ó thuaidh.

Tuairiscítear chomh maith tráthnóna go bhfuil an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) chun moladh don Rialtas srianta breise ar chuairteanna tí a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath.

Seisear cuairteoirí as dhá theaghlach a bheidh ceadaithe chun an tí seachas seisear as trí theaghlach, de réir tuairisce ar RTÉ.

D’fhanfadh na srianta nua i bhfeidhm ar feadh trí seachtaine.

Tuairiscítear go bhfuil ceist ann freisin faoi athoscailt na dtithe tábhairne i mBaile Átha Cliath ar an 21 Meán Fómhair.

D’fhéadfadh nach mbeidh cead oscailte ag na tithe tábhairne nach bhfuil bia ar fáil iontu san ardchathair mura mbeidh srian curtha le scaipeadh an ghalair faoin tráth sin.

Dhein NPHET plé inniu faoi shrianta ar leith a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath chun dul i ngleic leis an ardú mór ar líon na gcásanna de Covid-19 san ardchathair.

Rinne airí Stormont plé chomh maith inniu ar shrianta nua a thabhairt isteach chun gearradh siar ar líon na dteagmhálaithe a bhíonn ag daoine lena chéile.

Thug NPHET le fios aréir go raibh an galar ‘ag fás’ 5% gach lá i mBaile Átha Cliath.

Ní raibh an Príomh-Oifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, sásta a rá cén chomhairle a chuirfí ar an Rialtas i dtaobh Bhaile Átha Cliath ná an mbeadh srianta breise i gceist, ach dúirt sé go bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de go mbeadh “teachtaireacht láidir” ag NPHET i ndiaidh chruinniú an lae inniu.

Dúirt an Dr Philip Nolan gur fhág daonra mór Bhaile Átha Cliath go raibh sé “riachtanach” go gcuirfí stop “láithreach” leis an ardú ar líon na gcásanna ann. Chuige sin chaithfeadh gach duine gearradh siar ar líon na ndaoine go mbuaileann siad leo go sóisialta agus a bheith níos cúramaí nuair a chaithfidh siad a bheith i gcomhluadar daoine.

Is amhlaidh go gcreideann NPHET go mbíonn daoine cúramach i gcásanna áirithe ach nach mbíonn siad chomh cúramach céanna nuair atá siad ag baile agus i measc cairde.

Baineann formhór na gcásanna i mBaile Átha Cliath le teaghlaigh agus le teaghlaigh a bheith ag bualadh le teaghlaigh eile. Léas dóchais ab ea é sin, a dúirt an Príomh-Oifigeach Leighis gníomhach an Dr Ronan Glynn, ó tharla go bhféadfaí srian a chur le scaipeadh an ghalair má bhíonn daoine níos cúramaí agus má ghearrann siad siar ar líon na ndaoine go mbuaileann siad leo.

Dúirt an Dr Philip Nolan go raibh an t-ardú ar líon na gcásanna go náisiúnta á “thiomáint” le tamall ag an ardú ar líon na gcásanna i mBaile Átha Cliath.

Ó lár mhí Lúnasa thart ar dhá chás den ghalar in aghaidh gach 100,000 a bhíonn ann gach lá sna 25 contae eile. I gcás Bhaile Átha Cliath sé chás atá i gceist, i gcomparáid le cás amháin roinnt seachtainí ó shin.

Dúirt an Dr Philip Nolan ó NPHET go bhfuil ráta scaipthe an ghalair ag 1.4 i mBaile Átha Cliath ach é gar do 1 nuair a fhágtar an ardchathair as an áireamh.

Mura gcuirtear srian le scaipeadh an ghalair i mBaile Átha Cliath tiocfaidh dúbailt ar líon na gcásanna ann gach coicís, a dúirt an Dr Nolan.

Dúirt sé go raibh scaipeadh an ghalair “seasmhach den chuid is mó” lasmuigh den ardchathair cé bhfuil roinnt imní fós orthu faoi Luimneach agus contae nó dhó eile.

Fág freagra ar '196 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, srianta ar an mbealach i mBaile Átha Cliath'

  • Evan Brooks

    Dia Dhuit!
    Táim ag déanamh píosa ar an bpaindéim agus seo é alt iontach. Ní fheicim an t-ainm an údair, áfach. Cé a scríobh é, más é do thoil é.

    GRMA
    Evan