1916 an leipreacháin agus an ‘Gentle Black and Tan’

Anseo in Éirinn, tá an lútáil, an tseoinínteacht agus an ghalamaisíocht oifigiúil ag dul ar aghaidh go breá.

12/11/2014. Pictured An Taoiseach Enda Kenny launc
An Taoiseach Enda Kenny, ag seoladh ‘Ireland 2016’ i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Pictiúr: Photocall Ireland

Is iomaí beart náireach déanta ag an dream atá i gceannas sa tír seo ach is dóichí nach bhfuil ceann ar bith acu níos suaraí ná an chaoi a bhfuil sé i gceist acu “comóradh” a dhéanamh ar Éirí Amach 1916.

Níl aon chall dhuit ach breathnú ar an bhfíseán aisteach a chuir siad amach le gairid.

Bhí caint ann ar Facebook, ar David Cameron, ar Bhanríon Shasana, ar Bhob Geldof agus ar an amhránaí mór eile úd Bono.

Ní raibh Pádraig Mac Piarais ná Séamas Ó Conghaile luaite ar chor ar bith agus shílfeá gur brionglóid ar fad a bhí san Éirí Amach .

Ach nuair a chuimhneofá i gceart air, tá an cineál seo comóradh ag teacht go binn leis an bhfealsúnacht atá an rialtas seo a chur chun cinn le tamall.

Is tábhachtaí leo John Redmond ná Pádraig Mac Piarais agus maidir le Séamas Ó Conghaile, déan dearmad air, mar atá déanta ag Páirtí an Lucht Oibre ó chuaigh siadsan i gcumhacht.

Fear fola agus foréigin a bhí sa bPiarsach a déarfas siad leat ach John Redmond, shílfeá gur duine de lucht leanúna Phroinsiais Assisi a bhí ann.

Níl caint ar bith ar na mílte Éireannach a spreag sé le dhul amach sa gCéad Chogadh Mór ná ar na 40,000 acu a maraíodh. Laochra a bhí iontu sin ach leibidí gan chéill a bhí sa dream a throid in aghaidh na hImpireachta sa mbaile!

Seo é an masla is mó ar fad ar ndóigh – go gcuirfi na saighdiúiri a throid ar son Impireacht Lucht an Rachmais ar comhchéim leis na hóglaigh a thug dúshlán na hImpireachta agus a fuair bás ar son saoirse na hÉireann.

An bhfuil aon tír eile sa domhan a dtarlódh sé inti?

An gcuirfeadh na Francaigh lucht tacaíochta Mharie Antoinette ar comhchéim leis an dream a d’ionsaigh an Bastille?

Agus céard faoi Mheiriceá? An gceapann aon duine beo go bhfuil an oiread ómóis ag Meiriceánaigh do na saighdiúiri a bhí ag Lord Cornwallis na Breataine agus atá acu do na saighdiúiri a bhí in arm George Washington. Beag an baol.

Ba é Cornwallis a ghéill sa deireadh do George Washington, nó a ionadaí ba chirte a rá, mar gur lig sé air féin an lá sin go raibh sé tinn agus gur chuir sé mac Éireannaigh, an Coirnéal Charles O’Hara, amach leis an ngéilleadh a dhéanamh.

Bhí aithne mhaith ar Chornwallis in Éirinn. Ba é a chuir Éirí Amach 1798 faoi chois gan trua gan trócaire agus a réitigh an bealach d’Acht na hAontachta.

Bhí neart Éireannach in arm Washingon freisin – Gaeilgeoirí.

Dúirt Lord Mountjoy an méid seo i bParlaimint na Breataine agus é ag míniú cén fáth ar chaill na Sasanaigh an cogadh; “America was lost through the Irish immigrants … I have been assured on the best authority that the Irish language was commonly spoke in the America ranks.”

Níl a fhíos agam cé mhéad Éireannach a bhí ar an taobh eile ach tá a fhios agam go raibh neart saighdiúirí as Garbhchríocha na hAlban ag troid in aghaidh shaoirse Mheiriceá. Tá barúil mhaith againn cén teanga a bhí acu siúd.

Céard a tharla do na Dílseoirí seo a throid in aghaidh Mheiriceá, arsa tusa? Cuireadh fiach an mhada rua orthu in áit ar bith a dtángthas suas leo le linn an chogaidh:

Well, they ran through the briars and they ran through the brambles,

And they ran through the bushes where a rabbit couldn’t go.

They ran so fast the hounds couldn’t catch ‘em

Down the Mississippi to the Gulf of Mexico.

Nuair a bhí cogadh na saoirse i Meiriceá thart, díbríodh na mílte acu agus díoladh a gcuid talún. Seo sliocht as cuntas a scríobhadh i Meiriceá faoi sin:

“While most of the United States rejoiced at the glad tidings of victory at the end of the war, one group of Americans were plunged into despair—the loyalists. From 60,000 to 80,000 left the U.S. during and after the Revolution.

“Many loyalist refugees endured bitter privations in the Canadian wilderness. New York State made 3.6 million dollars selling confiscated loyalist property.”

Sin mar a bhí i Meiriceá. Ní cheapfainn gur mórán bláthfhleascanna a leagadh ar uaigheanna Dílseoirí i Meiriceá ó shin. Má leagadh, ní hiad rialtas Mheiriceá a leag iad.

Anseo in Éirinn, tá an lútáil, an tseoinínteacht agus an ghalamaisíocht oifigiúil ag dul ar aghaidh go breá.

Ní theastaíonn anois ach go bhfaighidís leipreachán beo faoi thom eicínt.

Bheadh go leor ann a bheadh breá sásta é a thabhairt i ngreim láimhe síos Sráid Uí Chonaill nuair a thiocfas an lá mór.

D’fhéadfaí an t-amhrán a chum Breandán Ó hEithir a chasadh le linn dóibh a bheith ag máirseáil —“The Gentle Black and Tan.”

Croke Park and Bloody Sunday

Was our hero’s greatest test.

The spectators on the terraces

Nigh impossible to miss.

With salt tears his eyes were blinded

And down his cheeks they ran.

So he only shot Mick Hogan

The gentle Black and Tan.

Fág freagra ar '1916 an leipreacháin agus an ‘Gentle Black and Tan’'

  • Fergus Ó Néill

    Shamhlófá gurb é mana lucht chamtha na staire agus iad ar a seacht ndícheall meas na ndílseoirí agus na Sasanach a thuilleamh ná: ní meas go meas amadáin.

  • Séamas Mac Coitir

    Tagaim leis an alt breá atá léirithe ag Seosamh ó Cuaig sa chás seo. Tá an gheáitsíocht, an tsúdaíreacht, agus an tadhgandáthaobhachas ata i gceist aige ar siúl go síoraí seasta. Is é an sodar i ndiaidh na n-uasal, an sodar is suaraí amuigh! S. Mac Coitir.

  • @seancomheas

    Ceart go hiomlán agat a Joe. Níl meas mada ag an rialtas seo ar stair nà ar chultùr. Dèanfar beag is fiù do 1916. Tà an meas cèanna à lèiriù dàr dteanga, dàr ndùchas, dàr noidhreacht. Rinneadh scèal an ghamhna bhuí do Bhanríon na Breataine (sea na Breataine, ní na hÈireann cè nach mbeadh tù cinnte de) agus do Obama agus cùpla focal Gaeilge acu ach níor chuala muid ach fíor bheagan Gaeilge ó na daoine cèanna a bhí ag ceiliùradh na beirte.

  • Teaimín Ó Cualáin

    Lúitéis agus líochán atá ar bun ag polaiteoirí na bpáirtithe le roinnt mhaith blianta, FF, FG, Labour agus is gearr go mbeidh SF sna sála orthu. Athfhís agus aithis atá déanta d’fhís an Phiarsaigh. Nuair a d’imigh Seán Buí, má d’imigh, ba mhaith a thuig sé go raibh an coilíniú déanta.