1,914 cás nua den víreas fógartha, 73 othar in aonaid dianchúraim

1,349 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

1,914 cás nua den víreas fógartha, 73 othar in aonaid dianchúraim

Tá 1,914 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

413 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, beirt níos lú ná inné, agus bhí 73 acusan in aonad dianchúraim, triúr níos mó ná inné.

1,349 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,610 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

348 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, triúr níos mó ná inné, agus tá 37 díobhsan in aonad dianchúraim, duine níos lú ná inné.

Is fada daoine agus lucht gnó ag fanacht leis an 22 Deireadh Fómhair, seachtain ón lá inniu seo, nuair a bhíothas ag súil go gcuirfí deireadh leis na srianta atá fós againn – go háirithe in earnáil na siamsaíochta.

Dé Máirt seo chugainn a dhéanfaidh an Rialtas cinneadh faoin athoscailt sin ach a mbeidh comhairle NPHET faighte acu ar an Luan.

Cuirfidh caint an Leas-Phríomhoifigigh Leighis, an Dr Ronan Glynn imní ar chuid mhaith.

Labhair sé ar an ardú tobann atá ar líon na gcásanna den Covid-19 le 10 lá agus dúirt go raibh an t-ardú sin le feiceáil i ngach aoisghrúpa, go háirithe daoine idir lár na bhfichidí agus lár na dtríochaidí. Thart ar 50 duine eile sa lá a bhíonn i dtuilleamaí cúram ospidéil leis an ngalar, a dúirt sé, agus bíonn cúram dianchúraim ó chúigear acusan ar an meán.

Dúirt sé go raibh 370,000 duine sa tír nach raibh vacsaínithe go hiomlán fós agus iad ar fad i mbaol ón víreas. Mheabhraigh sé chomh maith nach orthusan amháin a bhíonn tionchar ag a gcinneadh ach ar ospidéil agus ar an tseirbhís dianchúraim.

Dúirt an Dr Glynn go raibh daoine ag tabhairt faoin saol sóisialta arís agus ag bualadh le daoine go leor. Ba í a chomhairle leanúint leis an obair ón mbaile “an fómhar agus an geimhreadh seo”, más féidir, agus cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí.

Fág freagra ar '1,914 cás nua den víreas fógartha, 73 othar in aonaid dianchúraim'