1,903 cás nua fógartha, breis is 3 mhilliún duine vacsaínithe go hiomlán in aghaidh an víris

1,610 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

1,903 cás nua fógartha, breis is 3 mhilliún duine vacsaínithe go hiomlán in aghaidh an víris

Tá 1,903 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna. 219 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 37 acusan in aonad dianchúraim.

Tá breis agus 3 mhilliún duine sa stát anois go hiomlán vacsaínithe. De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá dáileog amháin faighte ag 3,233,236 duine atá 16 bliain d’aois nó os a chionn, agus tá 3,004,099 duine anois go hiomlán vacsaínithe.

Cláraíodh breis is 50,000 páiste idir 12-15 ó osclaíodh tairseach nua an HSE inné.

Agus é ag labhairt níos luaithe inniu, dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn go bhféadfadh líon beag daoine atá go hiomlán vacsaínithe an víreas a tholgadh ach dúirt sé go bhfuil an baol drochthinnis nó báis laghdaithe go mór dóibh siúd atá vacsaínithe.

Dúirt an Dr Glynn go raibh 169 duine curtha in aonaid dianchúraim ag an Covid-19 ó mhí Aibreáin ach nach raibh ach seisear díobh sin go hiomlán vacsaínithe ag an am.

Dúirt sé freisin gur 155 duine atá básaithe ó mhí Aibreáin de bharr an víris agus nach raibh ach seachtar acusan go hiomlán vacsaínithe ag an am.

“Oibríonn vacsaíní. Tá siad thart ar 80% éifeachtach ag cosc an ghalair agus tugann siad cosaint thart ar 95% in aghaidh cúram ospidéil a bheith riachtanach. Tá an chosaint sin ar fáil freisin i gcoinne chineál an Delta,” a dúirt an Dr Glynn.

1,610 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,236 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

341 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 42 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,244,812 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,104,905 duine.

Fág freagra ar '1,903 cás nua fógartha, breis is 3 mhilliún duine vacsaínithe go hiomlán in aghaidh an víris'