19 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, os cionn 25,000 cás deimhnithe in Éirinn

1,684 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,303 duine ó dheas den teorainn agus 381 ó thuaidh di

19 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, os cionn 25,000 cás deimhnithe in Éirinn

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 19 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

1,684 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,303 duine ó dheas den teorainn agus 381 ó thuaidh di.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte inniu go rabhthas tagtha ar 330 cás eile den ghalar.

Beirt ar tugadh an Covid-19 mar shiocair bháis dóibh roimhe seo, tá sé deimhnithe anois nárbh amhlaidh an scéal.

De réir na bhfigiúirí is déanaí baineann ós cionn 30% de na cásanna ó dheas le hoibrithe sláinte.

25,273 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn go dtí seo, 21,506 cás ó dheas den teorainn agus 3,767 cás ó thuaidh di.

Tuairiscíodh níos túisce tráthnóna gur bhásaigh cúigear eile a bhí buailte ag an ngalar sa Tuaisceart.

De réir eolais a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra) amach tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 381.

393 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 24 Aibreán.

98 othar le Covid-19 agus 28 othar a shíltear an galar a bheith orthu a bhí sna haonaid dianchúraim maidin inniu, laghdú beag eile. Tá cúram á chur san ospideál ar 953 duine a bhfuil an galar orthu.

32 duine le Covid-19 a bhí in aonaid dianchúraim an Tuaiscirt inniu.

De réir figiúirí nua ón HSE, faoin Aoine seo caite bhí 176,000 tástáil don ghalar déanta, rud a d’fhág, a dúradh, go rabhthas ar an gcúigiú  nó séú tír is fearr san Eoraip ó thaobh tástála de.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 21,064 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé hAoine seo caite, an 1 Bealtaine:

  • Fir a bhí i gceist le 42% de na cásanna agus mná iad 52%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 49 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 2,825 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 363 acu  in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 6,068 cás, nó 31%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 10,406 cás, nó 49%, bhí Cill Dara sa dara háit le 1,242 cás, nó 6%, agus sa triú háit a bhí Corcaigh le 1,164 cás
  • 365 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.7%), 295 a bhí i gcontae Chiarraí (1.4%), 461 cás a bhí i nDún na nGall (2.2%), 494 cás a bhí i Maigh Eo (2.3%), 139 cás a bhí i bPort Láirge (0.7%) agus 699 cás a bhí i gcontae na Mí (3.3%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 63% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 34% agus taisteal thar lear ba chúis le 3%

Idir an dá linn, d’fhógair an Comhaontas Glas tráthnóna go rachaidh siad chun cainte le Fianna Fáil agus Fine Gael maidir le rialtas nua a bhunú.

Tuairiscíodh sa Spáinn inniu an líon is lú básanna de thoradh an choróinvíris ón 18 Márta. 164 duine eile a bhí buailte ag Covid-19 a bhásaigh sa Spáinn le lá anuas agus 25,264 duine ar fad a bhásaigh sa tír sin ó thús na ráige.

Fág freagra ar '19 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe, os cionn 25,000 cás deimhnithe in Éirinn'