19 bpost nua le fógairt i mBaile Ghib

Tá Údarás na Gaeltachta an-sásta go bhfuil ionad nua á bhunú ag an gcomhlacht Clearplas Plastic i nGaeltacht na Mí

IMG_0092

Tá ionad nua bunaithe ag an gcomhlacht Clearplas Plastic i nGaeltacht Bhaile Ghib, i gContae na Mí agus 19 bpost nua le cruthú acu dá bharr.

Comhlacht athphróiseála plaisteach atá in Clearplas Plastic, atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe i láthair na huaire, ach a bhfuil sé i gceist acu ionad nua a bhunú i mBaile Ghib go luath le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

Clearplas Ireland Ltd is ainm don fhochuideachta agus cuirfidh siad a gcéad ionad athphroiseála plaisteach ar bun in Éirinn. Tá sé i gceist acu 19 nduine a fhostú thar thréimhse trí bliana agus cur leis an bhfhostaíocht de réir a chéile ina dhiaidh sin.

D’fháiltigh an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh TD,  roimh an dea-scéala seo, á rá go bhfuil sé “thar a bheith sásta go bhfuil sé beartaithe ag Clearplas ionad a bhunú i nGaeltacht na Mí agus poist a bhfuil géarghá leo a chruthú sa cheantar. Is ceantar iontach é seo le gnó a lonnú ann, le rochtain éasca ar chustaiméirí agus margaí in Éirinn agus thar lear.”

Dúirt Stiúrthóir Clearplas, Pádraig Shine, go ndeachaigh sé i dteagmháil le hÚdarás na Gaeltachta mar gheall ar phlean gnó an chuideachta agus gur chuir an tÚdarás idir áitreabh agus tacaíocht ar fáil don togra.

Cuirfidh sé áthas ar mhuintir Bhaile Ghib gur ar a bpaiste féin a bheidh an t-áitreabh sin.

Díreoidh Clearplas Ireland Ltd ar shórtáil plaisteacha tirime, measctha agus ar tháirgí plaisteacha glanta, athphróiseáilte de chineálacha difriúla a chur ar fáil do mhargaí san Eoraip agus san Áis.

Dúirt Shine go mbeidh teicneolaíocht den scoth á húsáid ag an gcomhlacht chun plaisteach docht measctha a shórtáil agus a athphróiseáil san ionad nua seo agus go bhfuil sé i gceist acu a ngnó a fhorbairt i margaí san Áis agus i Meiriceá Theas.

Dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, go bhfuil an tÚdarás sásta go bhfuil siad in ann tacaíocht a chur ar fáil don togra nua agus cabhrú le pleananna forbartha an chomhlachta.

Dúirt sé go bhfuil “na deiseanna fostaíochta a chruthóidh an comhlacht seo fíorthábhachtach do cheantar Gaeltachta na Mí. Tá an tÚdarás ag súil le oibriú leis an gcomhlacht agus é ag tabhairt faoina phleananna forbartha.”

Clearplas i mbun oibre san ionad nua i mBaile Ghib agus tá roinnt post á bhfógairt acu faoi láthair.