1,866 cás nua den víreas fógartha, 61 othar in aonad dianchúraim

1,550 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

1,866 cás nua den víreas fógartha, 61 othar in aonad dianchúraim

Tá 1,866 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

331 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 61 acusan in aonad dianchúraim. 5,092 duine atá básaithe de dheasca an víris sa stát ó thús na paindéime.

Tuigtear gur thug NPHET le fios don Rialtas tráthnóna go mbeadh ar 90% de dhaoine os cionn 16 bliain d’aois a bheith go hiomlán vacsaínithe sula mbeifí in ann scaoileadh leis na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair. Meastar go mbeidh deireadh mhí Mheán Fómhair nó tús Dheireadh Fómhair ann sula mbeidh an sprioc sin bainte amach.

Faoi láthair, tá dáileog amháin den vacsaín faighte ag 93% de na daoine sa stát atá os cionn 16 agus 84% acusan atá go hiomlán vacsaínithe. Meastar go gcaithfear suas le 110,000 dáileog eile a thabhairt do dhaoine chun an sprioc 90% a bhaint amach. D’fhéadfadh go scaoilfí srianta áirithe dóibh siúd atá go hiomlán vacsaínithe idir an dá linn.

1,550 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 138 duine atá tar éis bháis de dheasca an víris i dTuaisceart Éireann ó thús mhí Lúnasa, níos mó ná an líon daoine ar fad a fuair bás de dheasca an Covid idir mí an Mhárta agus Iúil.

2,332 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

376 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 41 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,275,554 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,153,122 duine.

Fág freagra ar '1,866 cás nua den víreas fógartha, 61 othar in aonad dianchúraim'