1,861 cás nua fógartha, 11 othar Covid básaithe ó thuaidh

1,345 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna

1,861 cás nua fógartha, 11 othar Covid básaithe ó thuaidh

Tá 1,861 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Fógraíodh go bhfuil 15 duine eile básaithe de dheasca an víris le seachtain anuas. 249 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 54 acusan a bhí in aonad dianchúraim.

Tá ráite ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) nach gá an tríú dáileog den vacsaín in aghaidh an Covid-19 a thabhairt do dhaoine i láthair na huaire. Dúirt WHO gur cheart a chinntiú go bhfuil na daoine is leochailí ar fud an domhain go hiomlán vacsaínithe sula dtabharfar amach teanndáileog do dhaoine sna tíortha is saibhre ar domhain.

1,345 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh aon duine dhéag eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,269 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

393 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 49 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,255,312 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,129,084 duine

Fág freagra ar '1,861 cás nua fógartha, 11 othar Covid básaithe ó thuaidh'