Trí ‘T’ ag bagairt ar an aos polaitiúil agus roghanna móra achrannacha le déanamh acu

Tá roghanna deacra le déanamh faoi mórshocruithe dlí, sláinte agus caiteachais

Trí ‘T’ ag bagairt ar an aos polaitiúil agus roghanna móra achrannacha le déanamh acu

Tá roghanna deacra dosheachanta ag teannadh leis na hionadaithe a thoghamar i mí Feabhra. Baineann siad le mórshocruithe dlí, sláinte agus caiteachais. Is féidir cur síos beacht a dhéanamh orthu le trí ‘T’: Táinseamh Breithimh, Teacht Abhaile, agus Taiscí Pinsin.

Is féidir an tríú hábhar, a chíortar thíos, a chur ar an méar fhada arís ar feadh tamaill eile. Ach beidh cinneadh agus cur chuige ag teastáil gan mhoill i gcás amháin ‘T’ amháin agus caithfear cinneadh a dhéanamh faoin ‘T’eile roimh dheireadh na míosa.

Táinseamh Woulfe?

Ní ábhar rialtais ach ábhar don Oireachtas iomlán é cinneadh a dhéanamh faoin mbreitheamh Seamus Woulfe. D’oirfeadh sé do cheannairí na bpáirtithe a phléigh an scéal tráthnóna Dé hAoine dá n-éireodh an breitheamh as a phost faoi dheireadh, mar a rinne an breitheamh Brian Curtin in 2006 sular chuir an tOireachtas tús lena tháinseamh

Cuireadh pornagrafaíocht inar baineadh mí-úsáid as páistí a bheith ina sheilbh i leith an Bhreithimh Curtin in 2004 ach fuarthas neamhchiontach é nuair a fuarthas amach go raibh barántas na nGardaí as dáta nuair a chuardaigh siad a theach cónaithe.

Beidh an cinneadh a dhéanfaidh ceannairí na bpáirtithe ag brath go mór ar chomhairle dhlíthiúil thar aon rud eile. Is mó a tábhacht toisc téarmaíocht chomh doiléir a bheith in airteagal 35.4 den Bhunreacht a bhaineann le breitheamh a chur as oifig “de dheasca mí-iompair nó míthreorach a luafar”.

Sin ráite, má shocraítear dul ar aghaidh le táinseamh an Bhreithimh Woulfe, beidh cabhair shuntasach i gcomhair na hoibre le fáil sna socruithe a rinneadh le beannacht na Cúirte Uachtaraí in 2006. Maidir sin féin, beidh cinntí crua le déanamh.

Teacht Abhaile faoi Nollaig?

Ní hionann agus an cinneadh a chaithfear a dhéanamh faoin mBreitheamh Woulfe, is faoin rialtas amháin atá sé na srianta ar thaisteal a mhaolú. Iarrtar ar dhaoine faoi láthair gan teacht go hÉirinn mura bhfuil cúis mhaith lena dteacht. Sa Dáil Déardaoin, mhol an Tánaiste Leo Varadkar do dhaoine gan eitiltí abhaile a chur in áirithe, ach dúirt an Taoiseach le RTÉ Dé hAoine go mbreithneofaí ceist an taistil faoi Nollaig roimh dheireadh na míosa seo.

Ní raibh focal dóchais ná focal éadóchais i gcaint an Taoisigh. Is léir mar sin féin go mbeidh maolú ar na srianta ar thaisteal ag brath go mór ar scéal an ghalair thar lear. Beidh sé ag brath freisin ar chóras ‘soilse tráchta’ an AE faoina mbreathnaítear ar gach ceantar san Eoraip, ach amháin an Ghraonlainn, mar limistéar dearg faoi láthair.

Mar sin, ná cuir ticéad abhaile in áirithe go dtí go n-eiseoidh an rialtas comhairle nua taistil, agus ná déan talamh slán de go gcloisfear dea-scéala ar bith roimh Nollaig.

Taisce Pinsin?

Tá an t-ábhar achrannach seo seachanta ag gach páirtí a bhí i mbun rialtais le 30 bliain ar a laghad. D’fhógair comhrialtas Fhianna Fáil agus Chomhaontas Glas deich mbliana ó shin go n-ardófaí aois an phinsin stáit ó 66 bliain go dtí 67 ó 2021 ar aghaidh.

Cuireadh gach páirtí faoi bhrú maidir leis an athrú sin le linn an fheachtais olltoghcháin i mbliana. Is é Micheál Martin a mhol roimh an olltoghchán go mbunófaí Coimisiún um Pinsin ina dhiaidh d’fhonn cinneadh rialtais a chur ar an méar fhad arís… gabhaim mo leithscéal a léitheoir dhil… ionas go mbreithneofaí an ganntanas sa Cúlchiste Náisiúnta Pinsean, ciste pinsin an stáit, ganntanas a bheidh ina bhagairt amach anseo, agus go gcuirfí réiteach nua faoi bhráid an rialtais.

Bunaíodh an Coimisiún nua an tseachtain seo caite agus socraíodh go bhfoilseofaí a thuairisc faoi Mheitheamh 2021. Ainneoin castacht agus leochaileacht pholaitiúil an ábhair, is fiú cuimhneamh ar dhá dhea-scéala agus a chúram á mheá.

  1. Ba dheacair duine níos cumasaí a aimsiú chun a bheith ina cathaoirleach ar an gCoimisiún seo ná Josephine Fehily, iarchathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim agus iarchathaoirleach an Údaráis Phóilíneachta.
  2. Is mar gheall ar ionchas saoil mhuintir na hÉireann a bheith ag feabhsú go leanúnach a theastaíonn leasú ar an gcóras, chomh maith le maoiniú breise de chineál éigin.

De réir an chuntais is deireanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh, maireann mná ar feadh 84 bliain ar an meán, agus maireann fir ar feadh 80.4 bliain.

Bainimis sult as ár bhfad saoil, fad is go ndéantar socrú freagrach faoi dheireadh chun íoc as.

Fág freagra ar 'Trí ‘T’ ag bagairt ar an aos polaitiúil agus roghanna móra achrannacha le déanamh acu'