1,819 cás nua fógartha, 206 othar buailte ag an ngalar sna hospidéil

1,467 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,819 cás nua fógartha, 206 othar buailte ag an ngalar sna hospidéil

Pictiúr: Leah Farrell / RollingNews.ie

Tá 1,819 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

206 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 36 acusan in aonad dianchúraim.

D’fhógair an tOllamh Brian MacCraith, Cathaoirleach Thascfhórsa Ardleibhéil an Vacsaínithe, inniu go raibh an vacsaín iomlán faighte ag 78% de dhaoine fásta na tíre, sin beagnach triúr as gach cúigear den phobal ar fad. Dúirt sé go raibh snáthaid amháin faighte ag 89% de na daoine fásta sa tír.

Mhol an tOllamh Fergal Malone, Máistir Ospidéal Máithreachais an Rotunda, do mhná atá ag súil le páiste agus dá bpáirtihte an vacsaín in aghaidh an víris a fháil. Dá mhéid cuairteoirí agus othair a mbeidh an vacsaín faighte acu is ea is sábháilte a bheifear in ann na srianta ar chuairteoirí a mhaolú san ospidéal. Dúirt an tOllamh Malone go raibh ráta ard vacsaínithe sa bpobal ach nach ionann an cás in ospidéil mháithreachais na tíre agus go raibh tionchar aige sin ar chead cuartaíochta ar othair.

Sheol Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tairseach nua inniu ionas go bhféadfaidh daoine a ngartheagmhálaithe a liostú uirthi má dheimhnítear go bhfuil an Covid-19 tolgtha acu.

Chomh luath agus a dheimhníonn tástáil go bhfuil an víreas ar dhuine seolfar nasc chuig an tairseach nua chuige. Rachaidh an HSE i dteagmháil leis na daoine ar an liosta ansin agus táthar ag súil go mbeifear in ann na teagmhálaithe a aimsiú níos gasta feasta.

1,467 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,233 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

321 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 40 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,243,125 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,100,236 duine.

Tháinig cor eile i scéal an chóineartaithe inniu nuair a fógraíodh go raibh searmanas dul faoi lámh easpaig a bhí socraithe a reáchtáil i bpáirc Chumann Lúthchleas Gael i bPort Laoise curtha ar athlá arís.

Bhí sé i gceist 300 dalta as naoi scoil sa gceantar a chuir faoi lámh an easpaig i bPáirc Uí Mhórdha ar an 28 Lúnasa. Tá áit do 7000 duine sa bpáirc sin. Searmanas é seo a cuireadh ar athlá cheana ag deireadh an Mheithimh.

Ar bhonn na sláinte poiblí, tá an searmanas curtha ar athlá anois arís go dtí an chéad mhí eile i bhfianaise borradh a bheith faoi líon na gcásanna den Delta.

Fág freagra ar '1,819 cás nua fógartha, 206 othar buailte ag an ngalar sna hospidéil'