102 iarrthóir ar fad atá san iomaíocht do na 18 suíochán parlaiminte atá le buachan inniu i dtoghchán Westminster ó thuaidh.
Ag an bpáirtí Alliance is mó atá iarrthóirí agus duine acu ag seasamh i ngach ceann den 18 toghcheantar.
17 iarrthóir atá ag an DUP agus an páirtí sin ag seasamh ar leataobh i bhFear Manach-Tír Eoghain Theas ar mhaithe le tacú le Tom Elliott an UUP in aghaidh Michelle Gildernew, iarrthóir Shinn Féin sa toghcheantar imeallach sin.
16 iarrthóir atá ag an UUP, a sheas i leataobh i mBéal Feirste Thuaidh ar mhaithe le Nigel Dodds an DUP agus nár bhac leis an rás i mBéal Feirste Thiar. 15 iarrthóir atá ag Sinn Féin a sheas i leataobh i mBéal Feirste Theas, Béal Feirste Thoir agus an Dún Thuaidh ar mhaithe le hiarrthóirí frithBhreatimeachta eile, Claire Hanna an SDLP, Naomi Long ceannasaí Alliance agus Stephen Farry ón bpáirtí céanna.
15 iarrthóir atá ag an SDLP freisin. Sheas siadsan i leataobh i mBéal Feirste Thuaidh, i mBéal Feirste Thoir agus sa Dún Thuaidh chun an bealach a réiteach d’iarrthóir frithBhreatimeachta eile, John Finucane Shinn Féin, Naomi Long agus Stephen Farry.
Seachtar iarrthóirí atá ag Aontú, an páirtí poblachtánach frithghinmhillte a bhunaigh Peadar Tóibín i dtús na bliana seo. Meastar go bhféadfadh Aontú vótaí a bhaint de Shinn Féin agus an SDLP sa bhFeabhal an áit ba láidre a bhí an páirtí nua sna toghcháin áitiúla. Tá iarrthóirí acu freisin i mBéal Feirste Theas, i mBéal Feirste Thiar, sa Dún Theas, san Iúr agus Ard Mhacha, i nDoire Thoir agus i dTír Eoghain Thiar.
Triúr atá san iomaíocht do Chomhaontas Glas, a sheas i leataobh sna ceantair is láidre acu – Béal Feirste Theas, an Dún Thuaidh agus Béal Feirste Thoir – mar thaca leis an bhfeachtas in aghaidh an Bhreatimeachta.
Tá beirt iarrthóirí ag Pobal Seachas Brabach, i mBéal Feirste Thiar agus sa bhFeabhal. Ceathrar iarrthóirí atá ag na Caomhaigh agus beirt atá ag UKIP.
Triúr neamhspleách atá ag seasamh.
Beidh aird ar leith ar thoghcheantair áirithe a mheastar go bhféadfadh iomaíocht ghéar a bheith iontu. Tabharfaidh John Finucane as Sinn Féin aghaidh ar Nigel Dodds an DUP i gceann de na toghcheantair sin, Béal Feirste Thuaidh, áit nach bhfuil ach iarrthóir amháin eile ag seasamh, Fionnuala McAllister, an t-iarmhéara ó Alliance.
I mBéal Feirste Theas beidh Emma Little-Pengelly an DUP á fhéachaint le Claire Hanna an SDLP. Tá iarrthóir anseo chomh maith ag Alliance, Paula Bradshaw, agus ag an UUP, Michael Henderson. Chris McHugh atá á chur chun cinn ag Aontú agus rinne lucht frith-ghinmhillte picéad ag seoladh fheachtas Claire Hanna. Bhí tacaíocht láidir d’fhanacht san AE sa toghcheantar seo sa reifreann Breatimeachta agus gheobhaidh Hanna tacaíocht ó na páirtithe frithBhreatimeachta eile a sheas ar leataobh di. Beidh go leor ag brath ar cé mhéad de lucht tacaíochta Shinn Féin a thiocfaidh amach ag vótáil.
Beidh coimhlint mhór i mBéal Feirste Thoir freisin agus aghaidh á tabhairt ar a chéile ag Gavin Robinson an DUP agus ceannaire Alliance, Naomi Long. Meastar nach bhfuil oiread sin seans ag Long ach díol suntais a bheidh ann an leanfaidh an borradh a bhí vóta a páirtí le tamall.
Sa bhFeabhal, beidh sé ina chogadh dearg idir Elisha McCallion as Sinn Féin agus Colum Eastwood, ceannaire an SDLP. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag Pobal Seachas Brabach agus Aontú sa rás anseo.
Tá Fear Manach-Tír Eoghain Theas ar cheann de na mórthoghcheantair imeallacha agus Michelle Gildernew as Sinn Féin in aghaidh Tom Elliott as an UUP. Tá an DUP ag tacú le Elliott mar a rinneadh cheana, ach más fíor do phobalbhreith a foilsíodh le déanaí agus d’fhoinsí sa cheantar, tiocfaidh Gildernew slán.
Sa Dún Thuaidh beidh folúntas mór le líonadh i ndiaidh do Sylvia Hermon, an t-aontachtach neamhspleách frithBhreatimeachta éirí as. Alex Easton an DUP a bhí sa dara háit cheana agus tá Stephen Farry an Alliance san iomaíocht chomh maith. Alan Chambers atá ag seasamh don UUP. Suíochán breise agus údar mór caithréime a bheadh anseo don DUP dá n-éireodh le Easton, ach de réir pobalbhreith de chuid Lucid Talk tá na príomhiarrthóirí an-chóngarach dá chéile.
Meastar go mbeidh iomaíocht sách géar freisin ar fiú súil a choinneáil uirthi in Aontroim Theas agus Paul Girvan an DUP ag iarraidh a shuíochán a choinneáil; Danny Kinahan an UUP a bhí ina fheisire anseo idir 2015-17. Tá iomaitheoirí anseo freisin ag Alliance agus an SDLP agus tá Gaeilgeoir, Declan Kearney, ag seasamh do Shinn Féin.
Sa Bhanna Uachtair, mar ar éirigh le David Simpson an DUP as mar gheall ar scannal faoina shaol pearsanta, ceaptar go n-éireoidh le Carla Lockhart an suíochán a choinneáil ó John O’Dowd Shinn Féin agus Doug Beattie an UUP.
Beifear ag faire go háirithe amárach ar vóta an DUP agus Shinn Féin féachaint an raibh aon titim ann i ngeall ar a n-iompar i leith Stormont. I gcás an DUP beifear ag faire chomh maith ar a gcinneadh dul in aghaidh thoil an phobail ó thaobh an Bhreatimeachta agus i gcás Shinn Féin beidh le feiceáil an n-íocfaidh siad as a bpolasaí neamhfhreastail.
Coimhlint chinniúnach dhrámatúil idir Sinn Féin agus an SDLP sa bhFeabhal
Gan faic na fríde idir Sinn Féin agus an UUP i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas
Gan faic na fríde idir Sinn Féin agus an UUP i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas
Sinn Féin is láidre i gcónaí i dTír Eoghain Thiar agus Lár Uladh
An DUP chun cinn in Aontroim Theas ceal margadh teaicticiúil
Beidh ar a laghad feisire parlaiminte nua amháin i gcontae an Dúin
An Breatimeacht an taibhse ag an bhféasta agus súil ag Sinn Féin ar shuíochán Dodds
Fág freagra ar '18 suíochán parlaiminte le buachan ó thuaidh inniu'