18 duine eile le Covid-19 básaithe, laghdú arís ar líon na ndaoine sna haonaid dianchúraim

1,876 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,446 duine ó dheas den teorainn agus 430 ó thuaidh di

18 duine eile le Covid-19 básaithe, laghdú arís ar líon na ndaoine sna haonaid dianchúraim

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 18 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

1,876 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,446 duine ó dheas den teorainn agus 430 ó thuaidh di.

D’fhógair an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna go raibh 219 cás nua den ghalar ann, rud a fhágann gur 26,838 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 22,760 cás ó dheas agus 4,078 cás ó thuaidh.

Foilsíodh na figiúirí is deanaí tráth a bhfuil níos lú daoine le Covid-19 sna haonaid dianchúraim ó dheas ná mar a bhí aon lá ó tugadh isteach na srianta dianghlasála.

72 duine le Covid-19 a bhí sna haonaid dianchúraim maidin inniu i gcomparáid le 80 duine ar an 28 Márta agus 160 duine ar an 10 Aibreán, an lá ba mhó a bhí daoine le Covid-19 sna haonaid dianchúraim.

99 duine a bhí in ICU seachtain ó shin agus 76 duine a bhí iontu inné.

Fógraíodh bás cúigear eile de dheasca Covid-19 sa Tuaisceart inniu.

De réir eolais a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra) amach inné, tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 430.

516 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 1 Bealtaine. 383 bás a thuairiscigh an Roinn Sláinte don tréimhse chéanna.

Básanna sna ospidéil amháin den chuid is mó a fhógraíonn an Roinn Sláinte sa Tuaisceart, ach cuireann NISRA san áireamh gach cás ina bhfuil Covid-19 luaite mar shoiocair báis ar theastas báis.

Fógraíodh chomh maith inniu go mbeidh sé de chumhacht ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta (HSA) ionaid oibre a dhúnadh sa chás na gcloíonn siad leis an scoitheadh sóisialta. De réir na mbeartas nua a fógraíodh inniu beidh cosc ar chroitheadh lámh san ionad iobre agus ní bheidh cead ag oibrithe cupáin nó pinn a roinnt.

Idir an dá linn, tuairscíodh tráthnóna go bhfuil Little Richard, duine de cheannródaithe móra an rac-cheoil tar éis bháis. Bhí an ceoltóir, a bhain cáil amach le hamhráin amhail Lucille, Good Golly Miss Molly, Tutti Frutti agus Long Tall Sally, ina laoch mór ag leithéidí Elvis Presley, The Beatles, Bob Dylan, David Bowie, Jimi Hendrix agus The Rolling Stones. Bhí sé 87 bliain d’aois.

Fág freagra ar '18 duine eile le Covid-19 básaithe, laghdú arís ar líon na ndaoine sna haonaid dianchúraim'