Ní cóir díothú iomlán an víris ar fud an oileáin a chur as an áireamh

B’fhéidir go dtaispeánann an drochscéala ó Chill Dara, ó Laois agus ó Uíbh Fhailí nár chóir an cur chuige a mhol na saineolaithe a chur as ár n-aigne go hiomlán

Ní cóir díothú iomlán an víris ar fud an oileáin a chur as an áireamh

Níl an leigheas ar ghéarchéim an choróinvíris a mhol scata saineolaithe dhá mhí ó shin praiticiúil, dar le gach  aire rialtais a labhair faoi ó shin.

Dúirt na saineolaithe go bhféadfaí an víreas corónach a chur faoi chois ar fud na hÉireann dá mbeadh córas gasta tástála agus rianaithe i  bhfeidhm. Mholadar freisin go ndéanfaí tástáil ar thaistealaithe ón iasacht ar theacht go hÉirinn dóibh agus arís tar éis cúpla lá, chomh maith le coraintín (dáiríre) dá mbeadh gá leis. B’fhearr, a dúirt siad, díothú iomlán an víris a bheith mar aidhm againn, mar atá ag rialtas na Nua-Shéalainne, ná polasaí chun scaipeadh an ghalair a mhaolú.

I measc na saineolaithe a d’eisigh nó a shínigh an achainí, bhí an tOllamh Gerry Killeen ón gColáiste Ollscoile i gCorcaigh; an tOllamh Anthony Staines ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; an tOllamh Tomás Ryan ó Choláiste na Tríonóide; an tOllamh Sheila Killian ó Ollscoil Luimnigh; an dochtúir teaghlaigh Maitiú Ó Tuathail; An Dr Sam McConkey ó Choláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn; agus an dochtúir comhairleach Muireann Ní Chróinín ó Ospidéal na hOllscoile i gCorcaigh. Tá  an achainí, atá ar fáil anseo, sínithe ag breis agus 1,400 duine go dtí seo.

Is iad na lochtanna is mó atá ar an tseift a moladh san achainí, dar leo siúd a dúirt nach raibh sé praiticiúil, nach bhféadfaí é a chur i bhfeidhm mura mbeadh an rialtas agus an Feidhmeannas ó thuaidh ar aon tuairim faoin gcur chuige.

Dúradh freisin nach bhfuil Éire cosúil leis an Nua-Shéalainn toisc go bhfuil go leor tíortha eile cóngarach agus nach féidir srianta  dochta a chur ar thaisteal gan cur isteach go mór ar an ngeilleagar.

Tá an lochtú seo réasúnta ar go leor bealaí, ach tá ábhar athmhachnaimh i scéalta éagsúla a tháinig chun solais le cúpla lá.

Ar an gcéad dul síos, thug méadú ar líon na gcásanna nua atá á dtuairisciú ar an dá thaobh den teorainn léargas do chách ar na deacrachtaí a bheidh ag cur as go mór do ghnáthshaol na tíre go dtí go mbeidh vacsaín ar fáil. Chomh maith leis sin, léirigh cinneadh a rinneadh thuaidh agus theas gan cead athoscailte a thabhairt do thithe tábhairne an dochar leanúnach atá á dhéanamh ag an víreas.

Bhí ábhar athmhachnaimh freisin in admháil an Taoisigh gur ábhar mór imní don rialtas an drochthionchar a bheidh ag Covid-19 ar an tseirbhís sláinte as seo go ceann bliana. In agallamh le Harry McGee san Irish Times, dúirt Micheál Martin go mbeadh liostaí feithimh níos faide agus go gcuirfí moill ar sheirbhísí diagnóiseacha. Chuirfeadh an víreas moill mar sin, a dúirt sé, ar luath-dhiagnóis ailse, galar croí agus fadhbanna eile.

Is díol suntais é nár gheall an Taoiseach feabhas ar an scéal  – léiriú eile ar dhrochstaid na seirbhíse sláinte sular shroich an víreas an tír i dtús báire.

Is ón nGearmáin a tháinig an scéal is deireanaí a léirigh mórdheacracht agus mórchúis imní eile atá romhainn, go háirithe agus athoscailt scoileanna beartaithe i gceann trí seachtainí. Thug údaráis oideachais sa Ghearmáin le fios Dé hAoine gur dúradh le mic léinn a bhí ag freastal ar  mheánscoil i Ludwigslust agus ar bhunscoil i Rostock dul abhaile.

Dheimhnigh tástáil go raibh an víreas tolgtha ag múinteoir sa mheánscoil agus ag dalta sa bhunscoil. Tá cinneadh na n-údarás na scoileanna  a athoscailt ainneoin leathadh an víris a bheith ag dul i dtreise á phlé go tréan ó dúnadh an dá scoil.

B’fhéidir nach bhfuil an ceart ag na saineolaithe abhus a dúirt gur mó na míbhuntáistí ná na buntáistí eacnamaíochta, sláinte agus sóisialta a bhainfí as an gcur chuige a mhol siad – cur chuige a  dheimhneodh go mbeadh na scoileanna agus na hospidéil ag feidhmiú mar is gnáth arís.

B’fhéidir gurbh fhearr, ar bhonn praiticiúil, maireachtáil leis an víreas seachas iarracht a dhéanamh é a dhíothú.

Ach b’fhéidir go dtaispeánann an drochscéala ó Chill Dara, ó Laois agus ó Uíbh Fhailí nár chóir an cur chuige a mhol na saineolaithe a chur as ár n-aigne go hiomlán.

Fág freagra ar 'Ní cóir díothú iomlán an víris ar fud an oileáin a chur as an áireamh'