Dá mbeinnse i m’aire Gaeltachta, chuirfinn deireadh leis an gcaint láidir as bolg lag

Agus airí nua ceaptha sa Roinn nua ar a bhfuil cúram na Gaeltachta uirthi, cuirtear ceist ar roinnt Gael eile san alt deireanach sa trsaith seo cad é an chéad rud a dhéanfaidís féin dá mbeidís mar aire Gaeltachta

Dá mbeinnse i m’aire Gaeltachta, chuirfinn deireadh leis an gcaint láidir as bolg lag

Thabharfainn daonlathas ar ais do na ceantracha Gaeltachta láithreach

Éanna Ó Cróinín, cathaoirleach Chomharchumann Ráth Chairn

Tá míle rud le déanamh sa nGaeltacht agus iad ar fad ag brath ar a chéile. Ach an chéad rud a dhéanfainn mar Aire Gaeltachta, thabharfainn daonlathas ar ais do na ceantracha Gaeltachta láithreach agus dhéanfainn athstruchtúrú ar an gcóras vótála sa gcaoi is nach mbeadh móramh ag lucht labhartha an Bhéarla i gceantracha i limistéir Ghaeltachta nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar theanga an phobail.

Bhunóinn aonad pleanála nua taobh istigh d’Údarás na Gaeltachta a mbeadh cumhacht iomlán aige ar phleanáil tithíochta sa nGaeltacht agus ina mbeadh daoine atá oilte i gcúrsaí sochtheangeolaíochta, pleanála teanga, innealtóirí agus daoine ábhartha eile ag obair ann.

Dhéanfainn na cumhachtaí pleanála tithíochta sna ceantair Ghaeltachta ar fad a bhaint de na comhairlí contae agus chuirfinn faoi chúram an aonaid nua pleanála Gaeltachta iad mar go bhfuil sé léirithe ag mórán gach comhairle contae go bhfuil ag teip glan orthu trí easpa tuisceana agus suime sa teanga.

 

Ba bhreá liom ‘Ensemble lán-Ghaeilge’ a bhunú

Darach Ó Tuairisg, bunaitheoir Fíbín

Dá mbeinnse i m’Aire Gaeltachta, dhéanfainn infheistíocht ar leith sna healaíona Gaeltachta agus thabharfainn aitheantas ar leith d’ealaíontóirí agus cruthaitheoirí sa nGaeltacht. Faoi láthair tá muid i gcomórtas leis na healaíona atá á gcruthú trí mheán an Bhéarla.

Tá folúntas mór ann mar nach bhfuil luach ar leith tugtha do na healaíona Gaeilge. Níl na deiseanna céanna ann d’ealaíontóirí Gaeilge ó thaobh maoinithe de. Tá sé le feiceáil san easnamh atá ann ó thaobh aisteoirí Gaeilge i láthair na huaire. Trí Fíbín, tá mise ag iarraidh fostaíocht a chur ar fáil ach ba bhreá liom Ensemble lán-Ghaeilge a bhunú; go mbeadh aisteoirí fostaithe go lánaimseartha agus go mbeadh oiliúint cheart á cur ar stiúrthóirí agus criú le Gaeilge.


A Thaoisigh, níl aon snáth ceangail speisialta ag Gaeltacht le healaín ná turasóireacht


Aoife Granville ag múineadh i rith Scoil Cheoil an Earraigh

Deiseanna a thabhairt dá chéile, idir óg agus aosta

Aoife Granville, Ceoltóir agus léachtóir

Dá mbeinn im’ Aire Gaeltachta is dócha ceann dos na chéad rudaí a dheinfinn ná labhairt le grúpaí pobail, eagraíochtaí ealaíne, coistí d’fhéilte agus imeachtaí sna Gaeltachtaí ar fad agus éisteacht a thabhairt dóibh. Is dócha go mbeidh sé rídheacair tabhairt fé imeachtaí cultúrtha fé mar a bhídís againn. Muna bhfuil imeachtaí againn chun saothair d’ealaíontóirí na Gaeltachta a thaispeáint, chun daoine óga atá ag forbairt a gcuid amhrán/ceoil a chur ar stáitse, drámaí nua Gaoluinne a chur ar stáitse, cá mbeimid?

Is sna himeachtaí seo a chímid beocht is spiorad na Gaeltachta chomh maith leis na féidearthachtaí iontacha atá sa teanga agus sa chultúr traidisiúnta. Beidh sé dúshlánach tabhairt fé imeachtaí/féilte agus fiú amháin ranganna/ceardlanna go ceann tamaill agus bheinn ag iarraidh comhoibriú a fhorbairt idir grúpaí cultúrtha agus na meáin chomh maith le comhlachtaí/eagraíochtaí teicneolaíochtaí sna Gaeltachtaí chun féachaint an bhféadfaidís cabhrú lena chéile ar mhaithe leis an teanga agus an cultúr, deiseanna a thabhairt dá chéile agus deiseanna a thabhairt do mhuintir ealaíne na Gaeltachta, óg agus aosta.

 

Chuirfinn deireadh leis an gcaint láidir as bolg lag

Ciarán Ó Cofaigh, léiritheoir agus feachtasóir teanga

Dá mbeinn i m’aire Gaeltachta, dhéanfainn cinnte go mbeadh reachtaíocht shoiléir ann a dhéanann ionadaíocht ar an mbunreacht agus a thugann an ceart bunúsach do dhaoine ainmneacha agus seoltaí a bheith litrithe i gceart ag an stát agus ag comhlachtaí príobháideacha. Tá na polaiteoirí i gcónaí ag inse dúinn cé chomh tábhachtach is atá an Ghaeilge dóibh ach níl aon rud déanta faoin Acht Teanga. Mar a déarfadh mo mháthair ‘Is caint láidir as bolg lag atá ann’.


Dá mbeinnse i m’Aire Gaeltachta, is é a dhéanfainn ná…

Fág freagra ar 'Dá mbeinnse i m’aire Gaeltachta, chuirfinn deireadh leis an gcaint láidir as bolg lag'