Bhí dáréag acu ar an stáitse in Ohio an tseachtain seo – an líon is mó iarrthóirí riamh a thug aghaidh ar a chéile i ndíospóireacht uachtaránachta. Bhí trí uair an chloig acu leis na ceisteanna a phlé agus lena gcás a chur i láthair. Na ceachtanna a d’fhoghlaim muid? Tá dochar déanta d’fheachtas Joe Biden. Tá na hiarrthóirí ar fad ag díriú a gcuid ionsaithe ar Elizabeth Warren. Agus tá teacht aniar míorúilteach déanta ag Bernie Sanders ón taom croí a bhí aige le gairid.
Is é nádúr na ndíospóireachtaí seo, go háirithe nuair a bhíonn an oiread páirteach iontu, go mbíonn sé deacair tú féin a chur in iúl go soiléir agus go leanúnach. Tá rialacha faoi chothromaíocht ann a fhágann go mbíonn áit ar an ardán náisiúnta ag iarrthóirí nach bhfuil aon seans acu dáiríre agus an deis chéanna cainte acu ar na hiarrthóirí atá i bhfad chun cinn sna pobalbhreitheanna.
Go deimhin, tharraing an Seanadóir Bernie Sanders an cheist sin anuas le linn dhíospóireacht na seachtaine seo. Bhí ceathrar nó cúigear ar an stáitse aréir nach mbeadh páirteach sa gcéad díospóireacht eile ar an 20ú Samhain. Braitheann cumas bailithe airgid na n-iarrthóirí ar a seasamh sna pobalbhreitheanna agus mura bhfuil an t-airgead ann tá deireadh le d’fheachtas. Bhí deis mhór ag daoine an tseachtain seo iad féin a chur chun cinn agus bhain Pete Buttigieg, fear a mbíodh an-chuid cainte faoina fheachtas, leas as an deis trí ionsaithe fíochmhara a dhéanamh ar an Seanadóir Warren. Díol iontais nár éirigh le Beto O’Rourke níos mó airde a tharraingt air féin agus is cosúil faoin tráth seo go bhfuil sé fós ag brath ar a fheachtas Seanaid in aghaidh Ted Cruz in 2018 mar chruthúnas ar a chumas. Níl ag eirí le Kamala Harris, Amy Klobuchar ná Cory Booker mórán airde a tharraingt orthu féin ach an oiread.
I ndeireadh an lae, is iad an triúr mór an triúr atá i bhfad chun cinn – Biden, Sanders agus Warren. Go dtí seo is ar Biden a bhí na gunnaí móra dírithe. Is ar an Seanadóir Warren a díríodh iad an tseachtain seo, comhartha ar athrú sa rás.
Bhí feidhm le cuid de na hionsaithe. Tá plean sláinte aici a gcaithfear íoc as, ach dhiúltaigh sí a rá cén chaoi. D’ionsaigh Biden í as gan a bheith sách soiléir faoin scéal. Mheabhraigh Sanders di gurbh eisean a scríobh an plean sláinte céanna.
An smaoineofar ar aon rud a dúradh aréir nuair a chuirfear tús leis na réamhthoghcháin san earrach? Caolseans. Deis a bhí ann do na mioniarrthóirí an triúr mór a ionsaí, cás a dhéanamh gurbh fhiú dóibh féin fanacht sa rás.
Díol iontais do mheáin na Stát Aontaithe nár déanadh ionsaí níos fíochmhaire ar Joe Biden faoi scéal na hÚcráine. Léargas é sin ann féin go gcreideann na hiarrthóirí eile nach eisean rogha na coitiantachta níos mó.
Idir Biden agus Warren atá sé i gcónaí mar sin féin. I gcead do Sanders tá an fhadhb chéanna i gcónaí aige – tá sé ró-radacach do phobal na Stát Aontaithe agus, chomh maith leis sin, bainfear leas as a aois agus a shláinte amach anseo chun é a chniogadh.
Níl aon duine feicthe fós agam le dúshlán an uachtaráin Trump a thabhairt. Agus nach chuige sin an próiseas seo ar fad sa deireadh?
Fág freagra ar '17 ar aon stáitse, ach an dtabharfadh duine ar bith acu dúshlán Trump?'