163 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn agus an dara duine básaithe de bharr an ghalair

Fógraíodh 44 cás nua de Covid-19 inniu, 39 cás ó dheas den teorainn agus cúig chás ó thuaidh

163 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn agus an dara duine básaithe de bharr an ghalair

Tá 163 cás den choróinvíreas deimhnithe anois in Éirinn agus an dara duine básaithe de bharr an ghalair.  Fógraíodh 44 cás nua  inniu, 39 cás ó dheas den teorainn agus cúig chás ó thuaidh.

129 cás atá deimhnithe anois ó dheas den teorainn agus 34 cás a deimhníodh ó thuaidh di.

Fear in oirthear na tíre ab ea an té atá básaithe agus tuigtear go raibh fadhbanna eile sláinte ag cur as dó chomh maith.

Ag labhairt dó roimh bhualadh le ceannairí ó thuaidh inniu, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur víreas é Covid-19  “atá dall ar theorainneacha”. Dúirt Varadkar go raibh sé níos deacra dul i ngleic leis an ngalar toisc dhá dhlínse a bheith in Éirnn.

Níl na srianta céanna i bhfeidhm sa dá dhlínse sin agus na scoileanna fós oscailte ó thuaidh, mar shampla.

Maidir leis an 39 cás nua ó dheas, 29 fear agus 1o bean atá i gceist. Baineann 21 de na cásanna nua sin le hoirthear na tíre agus baineann 13 cás le deisceart na tíre. Trí chás nua atá san iarthuiasceart agus dhá chás nua atá deimhnithe san iarthar.

Ba é seo an t-ardú is mó in aon lá amháin ar líon na gcásanna in Éirinn ó deimhníodh an chéad chás den ghalar a bhfuil a lorg fágtha aige ar thíortha ar fud an domhain.

Fógraíodh chomh maith inniu go raibh Éire agus an Bhreatain anois áirithe ag Stáit Aontaithe Mheiriceá ar na tíortha a bhfuil cosc taistil ag baint leo.

Tá critéir nua maidir le tástáil don choróinvíreas fógartha ag an bhFoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí. Ba chóir do gach duine feasta glaoch ar an ndochtúir má tá fiabhras nó teocht 38 céim nó níos airde orthu nó creathadh fuachta orthu nó comharthaí sóirt ionfhabhtú riospráide mar chasacht acu.

Go dtí seo ba iad na daoine a shásaigh na critéir do thástáil ná daoine a tháinig abhaile ó áit thar lear ina raibh an galar forleathan agus siomtóim an ghalair orthu agus daoine a raibh gartheagmháil acu leo agus na siomtóim chéanna orthu.

Dúirt ceann feadhain an WHO Tedros Adhanom Ghebreyesus tráthnóna inné gurb í an Eoraip anois “croílár na paindéime Covid-19” agus níos mó cásanna deimhnithe den ghalar ann ná mar atá sa chuid eile den domhan go léir nuair a fhágtar an tSín as an áireamh.

Dúirt sé an méid sin tráth a bhfuil breis is 5,000 duine curtha den saol ag an gcoróinvíreas.

“Cloch mhíle thragóideach” a thug sé ar an bhfigiúr is déanaí sin agus dúirt sé gur gá leanúint de na beartais a bhí riachtanach chun dul i ngleic leis an ngalar.

“Ná tugaigí cead a cinn don tine seo,” arsa Tedros Adhanom Ghebreyesus.

Tuairiscíodh chuig an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go dtí seo breis is 130,000 cás de Covid-19 agus 123 tír atá buailte ag an ngalar a bhfuil a lorg á fhágáil aige ar gach gné den saol.

Dúirt Tedros Adhanom Ghebreyesus go raibh níos mó cásanna nua anois san Eoraip ná mar a bhí sa tSín an lá ba mheasa an ghéarchéim sa tír sin. Dúirt sé go raibh míthuiscint a n-íocfaí go daor aisti ar aon tír a mheas nach mbeadh an cás chomh dona céanna acu féin is atá i dtíortha eile.

“Aon tír a fhéachann ar ar tharla i dtíortha eile ina bhfuil eipidéimí móra agus a deir ‘ní tharlóidh sé sin dúinne’, tá botún tromchúiseach á dhéanamh acu. D’fhéadfadh sé tarlú áit ar bith,” arsa ardstiúrthóir an WHO.

Dúirt sé go gcaithfí gach ceann de na beartais a bhí á moladh chun dul i ngleic leis an ngalar a chur i bhfeidhm.

“Ní leor tástálacha astu féin. Ní leor cuardach lucht teagmhála as féin. Ní leor coraintín as féin. Ní leor an scoitheadh sóisialta as féin. Déanaigí é go léir,” arsa ceannasaí an WHO.

Príomh-Oifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Dúirt an tAire Airgeadais Paschal Donohoe go raibh a lorg fágtha cheana féin ag scaipeadh an ghalair ar ghnóthaí ar fud na tíre.

Tá ráite ag ceannasaí an HSE Paul Reid nach faoi ordú dianghlasála atá an stát agus nach bhfuil sé i gceist faoi láthair a leithéid d’ordú a chur i bhfeidhm.

Dúirt Reid inniu nach chun leas an phobail ná lucht leighis atá sé a bheith ag caint ar chéim na héigeandála nuair is ag iarraidh moill a chur ar scaipeadh Covid-19 atáimid.

Dúirt sé go raibh an ráig de Covid-19 “go mór faoi smacht go fóill” ag lucht na seirbhíse sláinte agus go raibh siad ag ullmhú dó ó mhí Eanáir.

“Tuigimid go bhfuil go leor údair frustrachais ag an bpobal agus ag baill foirne faoin soláthar cúram sláinte le blianta fada, ach tá mé ag impí ar an bpobal seasamh go láidir leis HSE ar bhealach nár tharla cheana,” arsa Paul Reid, ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dúirt sé nach raibh ciall ar bith le daoine a bheith ag carnadh bia agus earraí tí. Tá sciob sceab ar bhia agus earraí tí áirithe sna hollmhargaí le tamall agus d’imigh an scaollcheannach in olcas Déardaoin nuair a fógraíodh dúnadh na scoileanna agus na srianta eile atá i bhfeidhm chun dul i ngleic le scaipeadh an ghalair.

Táthar ag iarraidh ar mhuintir na hÉireann tacú leis na bearta ar fad d’fhógair an Rialtas Déardaoin.

Táthar ag iarraidh ar gach duine a laghad teagmhála agus is féidir a bheith acu le daoine eile agus caidrimh shóisialta a sheachaint oiread agus is féidir. Táthar ag iarraidh chomh maith ar dhaoine an scoitheadh sóisialta (social distancing) a chleachtadh, is é sin fanacht tamall amach ó dhaoine eile agus tú i gcomhluadar.

Táthar ag impí ar dhaoine leis a bheith san airdeall maidir leis na daoine is mó atá i mbaol ón ngalar seo. Baol ar leith an galar seo do dhaoine atá amach san aois, daoine a bhfuil galair ainsealacha orthu amhail diaibéiteas, fadhbanna croí nó scamhóige agus daoine a bhfuil a gcóras imdhíonachta lagaithe.

Tá sé tábhachtach a rá gur tinneas éadrom nó measartha éadrom a bhíonn ar dhaoine i gcás 80% de chásanna Covid-19, bíonn sé tromchúiseach i gcás 14% agus an-tromchúiseach a bhíonn sé i gcás 6%.

De ghnáth ní foláir do dhuine 15 nóiméad a chaitheamh i ngiorracht 1-2 méadar de dhuine a bhfuil an galar air chun go mbeadh sé i gcontúirt an galar a thógáil.

Fág freagra ar '163 cás den choróinvíreas deimhnithe in Éirinn agus an dara duine básaithe de bharr an ghalair'