1,627 cás nua fógartha, 50 othar nua sna hospidéil in aghaidh an lae

1,304 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis

1,627 cás nua fógartha, 50 othar nua sna hospidéil in aghaidh an lae

Tá 1,627 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

415 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, seachtar níos mó ná inné, agus bhí 70 acusan in aonad dianchúraim, duine níos mó ná inné.

Meánráta scaipthe 415 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa tír a bhí i gceist le coicís anuas, a deir an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn. Dúirt sé go raibh líon na gcásanna ag dul i méid i ngach aoisghrúpa, daoine aosta ina measc.

Thug sé le fios go raibh 50 othar nua, ar an meán, á gcur isteach sna hospidéil gach lá, ardú ó 35 in aghaidh an lae ag deireadh mhí Mheán Fómhair.

1,304 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,606 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

345 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, beirt níos lú ná inné, agus tá 38 díobhsan in aonad dianchúraim, cúigear níos mó ná inné.

Fág freagra ar '1,627 cás nua fógartha, 50 othar nua sna hospidéil in aghaidh an lae'