16 leabhar ainmnithe ar ghearrliostaí leabhar na bliana ag Oireachtas na Gaeilge

Deir ceannasaí Fhoras na Gaeilge go bhfuil sé in am ag an dá rialtas cur leis an tacaíocht atá á tabhairt d’earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge

16 leabhar ainmnithe ar ghearrliostaí leabhar na bliana ag Oireachtas na Gaeilge

Tá gearrliostaí do leabhair Ghaeilge na Bliana 2022 fógartha inniu ag Oireachtas na Gaeilge.

Sé leabhar déag atá ainmnithe chun dul san iomaíocht do Ghradam Uí Shúilleabháin (Leabhar na Bliana don Léitheoir Fásta), Gradam Réics Carló (Leabhar na Bliana don Léitheoir Óg), agus Gradam de Bhaldraithe (Leabhar na Bliana do shaothar aistrithe go Gaeilge ó theanga eile).

Bhain 11 Teach Foilsitheoireachta éagsúil gearrliostaí na bliana amach. Is iad na tithe foilsitheoireachta atá i gceist ná: An tSnáthaid Mhór; Barzaz; Cló Iar-Chonnacht; Cló na nGael; Dalen Éireann; Éabhlóid; Foilseacháin Ábhair Spioradálta; Futa Fata; Leabhar Breac; LeabhairCOMHAR agus Móinín.

Sé leabhar atá ar an ngearrliosta do Ghradam Uí Shúilleabháin, an gradam foilsitheoireachta do leabhar na bliana ar fiú €5,000 é d’fhoilsitheoir an tsaothair bhuacaigh agus €2,500 d’údar an leabhair féin.

Dhá leabhar ó Leabhar Breac a bhain áit amach ar ghearrliosta Ghradam Uí Shúilleabháin – Seacht dTír, Seacht dTeanga, leabhar taistil le Diarmuid Johnson, agus Súil an Daill, úrscéal le Darach Ó Scolaí.

Tá áit ar an ngearrliosta bainte amach freisin ag Bláth na dTulach – Díolaim Ultach, cnuasach gearrscéalta a bhailigh Réaltán Ní Leannáin agus a d’fhoilsigh Éabhlóid. Tá an t-úrscéal Árasán le hÓgie Ó Céilleachair, a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht, ar an ngearrliosta chomh maith le Flóra na Samhlaíochta, cnuasach filíochta ó Bhríd Ní Mhóráin a d’fhoilsigh Foilseacháin Ábhair Spioradálta. Ar an liosta chomh maith tá an leabhar taighde Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas agus Cumhacht, le Pádraig Breandán Ó Laighin, a d’fhoilsigh Cló na nGael,.

Cúig shaothar dírithe ar dhaoine óga atá ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló: An Slipéar Gloine le Fearghas Mac Lochlainn, maisithe ag Paddy Donnelly agus foilsithe ag Futa Fata; Dialann Emily Porter: Thíos Seal Thuas Seal le Richie Conroy, maisithe ag Don Conroy agus foilsithe ag LeabhairCOMHAR; Fóir Orm! le hÁine Uí Fhoghlú, maisithe ag Deirdre Ní Thuathail agus Clifford Hayes agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht; Rita agus an Fathach le Máire Zepf, maisithe ag Andrew Whitson ahis foilsithe ag An tSnáthaid Mhór; agus Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPláinéad Marz le Ré Ó Laighléis, maisithe ag Ray McDonnell agus foilsithe ag Móinín.

Bronnfar €5,000 ar fhoilsitheoir an leabhair a thugann leis Gradam Réics Carló, €1,250 ar údar an tsaothair agus €1,250 ar mhaisitheoir an tsaothair.

Cúig leabhar atá ar an ghearrliosta do Ghradam de Bhaldraithe, gradam do shaothar aistrithe ar cuireadh tús leis in 2019.

Is iad na leabhair atá san iomaíocht do ghradam 2022: Buachaill an Ghúna le David Williams, aistrithe ag Máirín Ní Mhárta agus foilsithe ag Futa Fata; Dónall Dána agus an Peileadóir Mór le Francesca Simon, aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire agus foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht; Khalil le Yasmina Khadra, aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire agus foilsithe ag Barzaz; Asterix agus an Fear Feasa le René Goscinny agus Alberto Uderzo, aistrithe ag Gabriel Rosenstock agus foilsithe ag Dalen Éireann; agus An Triúr Triallach: An Congó le René Goscinny agus Alberto Uderzo, aistrithe ag Seaghan Mac an tSionnaigh agus foilsithe ag Dalen Éireann.

Bronnfar €1,500 ar fhoilsitheoir an leabhair do Ghradam de Bhaldraithe agus €500 ar aistritheoir an tsaothair.

Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas speisialta ag tús mhí Dheireadh Fómhair 2022.

Agus é ag déanamh comhghairdeachais leo siú a bhain áit amach ar ghearrliostaí na bliana seo, dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn go raibh sé in am ag an dá rialtas, thuaidh agus theas, tacaíocht a thabhairt d’earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge.

“Tá fás ag teacht ar an earnáil agus níos mó leabhar á léamh bliain i ndiaidh bliana. Ach tá rath fadtéarmach na hearnála seo ag brath ar na rialtais, thuaidh agus theas, a aithint gur de dhlúth agus d’inneach forbairt mionteanga, saothrú a litríochta. Tá an t-am cuí ann anois cur leis an tacaíocht atá ar fáil don earnáil seo chun gur féidir tógáil ar an obair iontach atá ar siúl faoi láthair.”

Rinne Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais, comhghairdeachas leis na tithe foilsitheoireachta, na húdair, na maisitheoirí agus na haistritheoirí a bhain gearrliostaí na bliana amach.

“Tréaslaím leo an obair fhiúntach atá ar siúl acu ar fad chun litríocht agus foilsitheoireacht na Gaeilge a chur chun cinn. Tá gairmiúlacht, ardchaighdeán foilsitheoireachta agus paisean ag baint le gach aon leabhar atá ainmnithe agus tá ríméad orainn an t-aitheantas cuí a thabhairt do na tithe foilsitheoireachta arís i mbliana.

“Ní raibh oiread rogha riamh ag léitheoirí na Gaeilge agus tréaslaím leis na foilsitheoirí an díograis a chaitear chun sárchaighdeán leabhair a fhoilsiú bliain i ndiaidh bliana.”

Fág freagra ar '16 leabhar ainmnithe ar ghearrliostaí leabhar na bliana ag Oireachtas na Gaeilge'