16 duine eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú daoine le mí sna haonaid dianchúraim

1,706 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,319 duine ó dheas den teorainn agus 387 ó thuaidh di

16 duine eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú daoine le mí sna haonaid dianchúraim

Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil 16 duine eile a raibh Covid-19 orthu básaithe.

1,706 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na ráige, 1,319 duine ó dheas den teorainn agus 387 ó thuaidh di.

Dheimhnigh an Roinn Sláinte inniu go rabhthas tagtha ar 266 cás eile den ghalar.

25,608 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn go dtí seo, 21,772 cás ó dheas den teorainn agus 3,836 cás ó thuaidh di.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí ó dheas tráth a bhfuil 93 duine le Covid-19 in aonaid dianchúraim ó dheas, an líon is lú othair in ICU le mí anuas.

Tuairiscíodh níos túisce tráthnóna gur bhásaigh seisear eile a bhí buailte ag an ngalar sa Tuaisceart.

De réir eolais a chuir Gníomhaireacht Thuaisceart Éireann um Staidreamh agus um Thaighde (Nisra) amach tá líon na mbásanna ó thuaidh i bhfad níos airde ná 387.

393 bás de bharr Covid-19 a bhí ar an taifead ag NISRA faoin 24 Aibreán.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris inniu go raibh ar chumas Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte anois 12,000 tástáil a dhéanamh in aghaidh an lae.

Faoin Satharn, an 2 Bealtaine, bhí 188,837 tástáil déanta ó thús na ráige.

Dúirt an tAire Sláinte go raibh dul chun cinn déanta maidir leis an ngalar a choinneáil faoi chois ach go bhféadfadh an scéal a bheith níos fearr.

De réir an eolais is déanaí ó dheas, eolas a bhain leis an 21,437 cás a bhí deimhnithe faoi mheán oíche Dé Sathairn seo caite:

  • Fir a bhí i gceist le 42% de na cásanna agus mná iad 58%
  • An aois airmheáin a bhí ann i measc na n-othar ná 49 bliain d’aois
  • Cuireadh cúram san ospidéal ar 2,840 duine, 13%
  • As na daoine sin, cuireadh 364 acu in ICU, nó Aonad Dianchúraim
  • Oibrithe sláinte a bhí i gceist le 6,211 cás, nó 29%
  • I mBaile Átha Cliath a bhí an líon is mó cásanna le 10,561 cás, nó 49%, bhí Cill Dara sa dara háit le 1,268 cás, nó 6%, agus sa tríú háit a bhí Corcaigh le 1,175 cás
  • 365 cás a bhí i gcontae na Gaillimhe (1.7%), 298 a bhí i gcontae Chiarraí (1.4%), 465 cás a bhí i nDún na nGall (2.2%), 501 cás a bhí i Maigh Eo (2.3%), 140 cás a bhí i bPort Láirge (0.7%) agus 713 cás a bhí i gcontae na Mí (3.3%)
  • Scaipeadh sa phobal ba chúis le 63% de chásanna, gartheagmháil le hothar eile ba chúis le 34% agus taisteal thar lear ba chúis le 3%

Fág freagra ar '16 duine eile le Covid-19 básaithe, an líon is lú daoine le mí sna haonaid dianchúraim'