16 duine eile básaithe agus 270 cás nua den choróinvíreas fógartha

Deir an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan gur údar misnigh é go bhfuil ráta coicíse an ghalair tite go dtí 152 cás in aghaidh gach 100,000, laghdú 51% in achar coicíse

16 duine eile básaithe agus 270 cás nua den choróinvíreas fógartha

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 16 duine eile a raibh an coróinvíreas orthu básaithe.

Bhain 14 de na básanna le mí na Samhna, bhain ceann amháin le mí Dheireadh Fómhair agus níl eolas beacht faighte fós faoi bhás an duine eile.

270 cás nua den Covid-19 a deimhníodh.

Bhain 21 de chásanna an lae inniu le Dún na nGall, 14 cás a bhí i gcontae na Mí agus 11 cás a bhí i bPort Láirge. Ocht gcás nua a bhí i gCorcaigh agus bhí níos lú ná cúig chás nua i nGaillimh, i gCiarraí agus i Maigh Eo.

Fógraíodh 82 cás nua i mBaile Átha Cliath.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan gur údar misnigh a bhí ann go raibh ráta coicíse an ghalair tite go dtí 152 cás in aghaidh gach 100,000, laghdú 51% in achar coicíse.

Tá an ráta coicíse i nDún na nGall imithe suas ó 276 inné go dtí 285 inniu. Titim sa ráta a bhí i gceist i ngach contae Gaeltachta eile.

Tá an ráta anois ag 203 i gcontae na Mí, 160 i gCorcaigh agus 148 i Maigh Eo. Ráta 142 atá i gCiarraí, 130 atá i bPort Láirge agus 109 atá i nGaillimh.

282 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá sna hospidéil agus tá 40 díobhsan in aonad dianchúraim.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna go raibh 11 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Is le lá anuas a bhásaigh gach duine acu. Deimhníodh 514 cás nua den ghalar sa Tuaisceart inniu.

420 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 50 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Bhí 99% de na leapacha ansin lán inniu agus tá ráig den ghalar deimhnithe i 146 ionad cúraim sa Tuaisceart.

Tá airí Stormont fós ag plé moltaí maidir leis na srianta atá i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann. Tá na srianta le scaoileadh Dé hAoine beag seo, an 13 Samhain, ach tá easaontas ann idir na hairí maidir le coicís eile a chur leis na srianta ar earnáil an fháilteachais.

2,765 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 1,963 duine ó dheas den teorainn agus 802 duine ó thuaidh di.

109,791 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 65,889 cás ó dheas agus  43,902 ó thuaidh.

Fág freagra ar '16 duine eile básaithe agus 270 cás nua den choróinvíreas fógartha'