1,545 cás nua fógartha, 56 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

1,210 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh seisear eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,545 cás nua fógartha, 56 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim

Tá 1,545 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

335 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 367 inné, agus bhí 56 acusan in aonad dianchúraim, laghdú ón 59 a bhí i gceist inné.

1,210 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh seisear eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,430 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

454 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt (461 a bhí i gceist inné) agus tá 44 díobhsan in aonad dianchúraim (45 a bhí i gceist inné). Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,293,709 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,181,487 duine.

Fág freagra ar '1,545 cás nua fógartha, 56 othar buailte ag an víreas in aonad dianchúraim'