LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. Is mór is fiú dul ar thóir meafar úr i réimse na spórt radacach!

Surfálaí eitleoige chomh maith le síceolaí agus scríbhneoir is ea é an cara is fearr agam i mo thír dhúchais. Nuair nach mbíonn sé ar foluain os cionn na Mara Thuaidh scríobhann sé leabhair fhéinchabhracha agus colúin d’irisí stíl bheatha faoi chúrsaí grá agus caidrimh. Cúrsaí scríbhneoireachta a bhí faoi chaibidil againn nuair a chuaigh muid amach ar shiúlóid le chéile coicís ó shin, nuair tharla mé a bheith san Ísiltír.

‘Ar úsáid tú an tsurfáil eitleoige i do chuid scríbhneoireachta riamh?’ a d’fhiafraigh mé de.

‘D’úsáid go deimhin, mar mheafar don fhrithluail choigeartach.’

‘An céard!?’

‘Don chlaonadh atá sa duine rudaí a cheartú fiú mura mbíonn gá leis sin. Is é an chaoi go mbíonn an claonadh ag daoine atá díreach ag tosú amach ag surfáil eitleoige tarraingt go láidir ar na téada aon uair a bhaineann an ghaoth sracadh tobann as an eitleog. Bíonn faitíos orthu go séidfidh an ghaoth an bealach contráilte iad agus teastaíonn uathu smacht a choinneáil ar chúrsaí. Ach dá mhéad a tharraingíonn tú ar na téada, is ea is mó a thosóidh an eitleog ag luascadh ó thaobh go taobh. Sa deireadh, maróidh an síorcheartú amach thú agus titfidh d’eitleog as an spéir. 

‘Bíonn go leor daoine ar an gcaoi céanna i gcaidrimh ghrá nó go deimhin i gcairdis. A luaithe is a tharlaíonn rud éigin a athraíonn cúrsa an chaidrimh, bíonn siad ar a míle dícheall an treo a cheartú. Ach go hiondúil bíonn an iarracht choigeartach sin róláidir agus meallann sí aisfhreagra níos láidre arís, rud a fhágann go dtosóidh an caidreamh ag luascadh gan treo, mar a bheadh eitleog shurfála a bheadh á sracadh ó thaobh go taobh ag an ngaoth, agus sa deireadh titfidh an caidreamh go talamh. Dul le cóir na gaoithe, sin é an bealach is fearr. Sa tsurfáil eitleoige agus i gcaidrimh.’

Bhí mé faoi dhraíocht ag an tsamhail. Níl aon chleachtadh agam ar an tsurfáil eitleoige ach is go rímhaith a thuigim an claonadh a bhíonn i ndaoine iarracht a dhéanamh treo caidrimh a athrú nuair a cheapann siad go bhfuil an caidreamh sin ag dul dá chúrsa. Ach bhí mé faoi dhraíocht, thar aon ní eile, ag úire na samhla. Is mór is fiú do scríbhneoir úsáid a bhaint as spórt a chleachtann sé agus é ar thóir meafar ina chuid scríbhneoireachta. Más úire atá uaidh, dá aduaine nó dá radacaí an spórt is ea is fearr é!

Fág freagra ar ''