1,522 cás nua fógartha ó dheas, ochtar eile básaithe ó thuaidh

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, go raibh beagnach 20,000 cás nua deimhnithe sa stát le coicís anuas

1,522 cás nua fógartha ó dheas, ochtar eile básaithe ó thuaidh

Tá 1,522 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

217 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 34 acusan in aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, go raibh beagnach 20,000 cás nua deimhnithe sa stát le coicís anuas. Thug sé le fios gur daoine a raibh dhá dáileog den vacsaín faighte acu a bhí i gceist le 17% de na cásanna sin ach dúirt an Dr Holohan nach ábhar imní a bhí sa bhfigiúr sin.

“Tá sé tábhachtach cuimhneamh nach ionann sin is a rá go bhfuil na vacsaíní neamhéifeachtach. Ní stopfaidh siad gach uile chás den ghalar ach tabharfaidh siad cosaint iontach in aghaidh drochbhabhta tinnis agus laghdaíonn siad go mór an baol atá ann go mbeidh duine i dtuilleamaí cúram ospidéil.”

1,031 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh ochtar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,228 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

245 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 41 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,233,437 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,089,222 duine.

Fág freagra ar '1,522 cás nua fógartha ó dheas, ochtar eile básaithe ó thuaidh'