150,000 oibrí i mbun agóide sa stailc is mó riamh sa Tuaisceart

Tá lucht na stailce, ag iarraidh ar Státrúnaí an Tuaisceart maoiniú a scaoileadh chun gur féidir arduithe pá atá ag dul dóibh a thabhairt dóibh

150,000 oibrí i mbun agóide sa stailc is mó riamh sa Tuaisceart

Cuireadh tús ar maidin leis an stailc is mó riamh sa Tuaisceart nuair a thug breis is 150,000 oibrí aghaidh ar na sráideanna.

Bhí oibrithe sláinte, múinteoirí, státseirbhísigh agus tiománaithe bus i measc na ndaoine a bhí i mbun agóide agus 16 ceardchumann a ghlac páirt sa stailc.

Tionóladh sé shlógadh agóide i mBéal Feirste, bhí dhá cheann ar siúl i nDoire agus tionóladh ceann eile in Inis Ceithleann.

Tá lucht na stailce, ag iarraidh ar Státrúnaí an Tuaisceart gníomh a dhéanamh maidir le maoiniú a scaoileadh chun gur féidir arduithe pá atá ag dul dóibh a thabhairt dóibh. Tá moill ar na harduithe pá agus ar choinníollacha oibre níos fearr mar nach bhfuil tionól agus feidhmeannas Stormont ag feidhmiú.

Chruinnigh na mílte ag Halla Cathrach Bhéal Feirste agus iad ag canadh “Cad atá uainn? Pá cothrom! Cathain atá sé uainn? Anois!” agus “ní chloífear choíche na hoibrithe a bhíonn ag cur le chéile!”.

Déanann na ceardchumainn atá i mbun stailce ionadaíocht ar thart ar 173,000 oibrí, ach ní hé gach duine acu a bhí ar stailc.

Thit an tóin as an Tionól i dtús na bliana 2022 nuair a chinn an DUP baghcat a dhéanamh air mar agóid in aghaidh na rialacha trádála a tugadh isteach ó thuaidh den teorainn de bharr an Bhreatimeachta.

Tá £3.3 billiún á thairiscint chun na harduithe pá atá á n-éileamh ag na hoibrithe seirbhíse poiblí a íoc, ach deir an Stát-Rúnaí go bhfuil scaoileadh an airgid ag brath ar institiúidí Stormont a bheith ag feidhmiú arís.

Dúradh go gcuirfeadh agóid an lae inniu isteach go mór ar sheirbhísí agus ar an bpobal agus dúirt na húdaráis sláinte go gcuirfeadh an stailc isteach ar sheirbhísí ar bhealach nár tharla riamh cheana.

Dúirt leascheannaire Shinn Féin Michelle O’Neill gur lá crua a bhí ann d’oibrithe na seirbhíse poiblí agus gur trua nach raibh aon rogha eile acu ach dul i mbun stailce.

Dúirt sí go gcaithfeadh Ceannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh [DUP], Jeffrey Donaldson, “ceannaireacht” a léiriú agus filleadh ar roinnt na cumhachta.

“Tá am acu i gcónaí an rud ceart a dhéanamh agus deireadh a chur lena mbaghcat, ach ar deireadh thiar beidh orthu cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad sásta cumhacht a roinnt san fheidhmeannas leis na páirtithe eile go léir.”

Chinn ar pholaiteoirí i dTuaisceart Éireann Ceann Comhairle a thoghadh in Stormont inné, an seachtú hiarracht atá déanta acu ó thoghchán mhí an Mheithimh anuraidh an Tionól a chur ag feidhmiú arís.

Fág freagra ar '150,000 oibrí i mbun agóide sa stailc is mó riamh sa Tuaisceart'