1,470 cás nua den víreas fógartha, nach mór 90% de dhaoine atá 16 nó os a chionn lánvacsaínithe

1,748 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh seachtar eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,470 cás nua den víreas fógartha, nach mór 90% de dhaoine atá 16 nó os a chionn lánvacsaínithe

Tá 1,470 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

367 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, i gcomparáid le 384 inné, agus bhí 59 acusan in aonad dianchúraim, an líon céanna is a bhí i gceist inné.

Thug an tAire Sláinte Stephen Donnelly le fios inniu go raibh 88% de dhaoine sa tír atá 16 bliain agus os a chionn anois go hiomlán vacsaínithe. Dúirt sé go mbeadh 90% de dhaoine atá 18 bliain agus os a chionn go hiomlán vacsaínithe taobh istigh de chúpla lá.

1,748 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh seachtar eile a raibh Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,424 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.

461 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt (407 a bhí i gceist inné) agus tá 45 díobhsan in aonad dianchúraim, an líon céanna is a bhí i gceist inné. Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,292,837 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,177,318 duine.

Fág freagra ar '1,470 cás nua den víreas fógartha, nach mór 90% de dhaoine atá 16 nó os a chionn lánvacsaínithe'