145 cluiche agus 67 cúl – captaen na hÉireann Robbie Keane ag éirí as

D’imir tosaí LA Galaxy 145 uair dá thír, níos mó ná aon imreoir eile riamh agus d’aimsigh sé níos mó cúl d’Éirinn ná aon imreoir eile chomh maith

145 cluiche agus 67 cúl – captaen na hÉireann Robbie Keane ag éirí as

Tá captaen na hÉireann Robbie Keane chun éirí as a bheith ag imirt don fhoireann náisiúnta i ndiaidh cluiche dúshláin na foirne i gcoinne an Óman seachtain ón lá inniu.

D’imir tosaí LA Galaxy 145 uair dá thír, níos mó ná aon imreoir eile riamh. D’aimsigh sé níos mó cúl d’Éirinn ná aon imreoir eile chomh maith. 67 cúl ar fad a scóráil sé dá thír.

Tá Keane 36 bliain d’aois agus d’imir sé i gCorn an Domhain 2002 mar a bhfuair sé trí chúl, ag áireamh an cúl comhscóir iomráiteach a d’aimsigh sé i gcoinne na Gearmáine in Ibaraki na Seapáine. D’imir sé faoi dhó ag Craobh na hEorpa, in 2012 agus i mbliana.

Meastar gurb é Seamus Coleman Everton a thiocfaidh i gcomharbacht ar Keane mar chaptaen na hÉireann.

Ba é Coleman a rinne ionadaíocht ar Keane mar chaptaen nuair nach raibh sé ag imirt ag Craobh na hEorpa sa Fhrainc an samhradh seo.