Bíonn an bhochtaineacht faoi cheilt chuile thaobh dínn

Cé aige a mbeadh a fhios ag breathnú ar na mná i siopa Penneys cé acu a rabhadar ag réiteach le dul go Lanzarote, nó an rabhadar ag réiteach don chuairt sheachtainiúil ar Phríosún Mhuinseo?

Bíonn an bhochtaineacht faoi cheilt chuile thaobh dínn

Nuair a thug mé faoin gcolún seo ag deireadh na bliana 2017, scríobh mé alt faoi dhaoine gan dídean a casadh orm i lár na cathrach. Ó shin i leith, ní bhfuarthas aon réiteach ar an bhfadhb áirithe sin. Chuala muid faoi ‘boutique hotels,’ faoi árasáin atá níos lú, faoi ‘co-living,’ agus faoi ‘modular housing.’ Ach níor chuala muid faoi aon réiteach buan.

Ar bhealach amháin, ar nós go leor fadhbanna sóisialta eile in Éirinn, bíonn an fhadhb seo sórt ceilte ar an gcuid eile againn a bhfuil tithíocht bhuan againn.

Casadh fear orm an lá cheana a bhfuil a theach ‘boutique’ féin aige gar don séipéal mór áitiúil. Tá campa beag aige in áit fhoscúil chiúin sa pháirc phoiblí ansin.

Ach casadh ormsa é taobh thiar den eischeadúnas, sa chlós páirceála. Bhí sé ag cartadh sa tanc mór éadach athláimhe le Pieta House. Bhí mise réidh le mála nó dhó éadaí fir a leagan síos ann. Thaispeáin mé mo chuid stuif dhó le go mbainfeadh sé amach aon rud a theastaigh uaidh.

Ba ghearr go rabhamar cosúil le beirt i seomraí feistis i siopa éadaí. Roghnaigh sé léine agus t-léine agus chuir sé air iad ar an bpointe, ach dhiúltaigh sé glan an ‘fleece’ trom a ghlacadh uaim. Níor thuig mé a shlí mhaireachtála. Nuair atá tú gan dídean i lár an tsamhraidh, is beag an mhaith duit an geansaí trom. Cén áit a stórálfadh tú é? Bhí a chuid stuif, an mála codlata san áireamh, coinnithe aige i dtralaí siopadóireachta.

Ansin chuir sé a chuid sean-éadaí isteach sa tanc agus chuir mise an farasbarr as mo mhála féin isteach freisin. Nuair a chonaic mé é dhá lá ina dhiaidh sin, ní raibh cuma ró-iontach ar an léine. Bhí sé in am dul ar ais chuig an seomra feistis sa charrchlós. Bíonn a gcuid nósanna athchúrsála féin ag daoine gan dídean.

Bhí mé ar mo bhealach chuig an siopa fóin. Bhí fadhb ag duine de na custaiméirí agus d’fhan mise i leataobh.

Ag éisteacht.

Bhí sí ag casaoid faoi gur chas fear an tsiopa as an fón nua a cheannaigh sí. ‘Níl sé casta as,’ a deir sé léi. ‘Tá sé faoi ghlas.’ Thaispeáin sé di conas is féidir dhá chnaipe a bhrú chun an fón a oibriú arís.

Mhaígh sise nach gcasann sí as an fón ach amháin nuair a théann sí ag sochraid. Cheap mé féin go raibh sí measctha faoin difríocht idir an fhuaim a bheith ‘casta as’ agus an fón a bheith faoi ‘ghlas’. Ba léir go raibh deacracht éigin aici agus í ag iarraidh an dá chnaipe a mheabhrú di féin.

‘This didn’t happen the yellow phone,’ a dúirt sí faoina hanáil, i mo threo-sa. Mheabhraigh fear na bhfón di go foighdeach go dtéann gach fón ‘faoi ghlas’ nuair a fhágtar tamall iad.

Chas sí chugam arís agus í ar tí caoineadh. ‘I hate being illiterate,’ a dúirt sí. Bhí frustrachas millteanach uirthi. Ní raibh mé ag súil leis sin. Ach ansin chuimhnigh mé ar na scéalta ar fad a chuala mé nuair a bhínn ag plé le cláracha teilifíse faoin litearthacht.

Chuireadh sé iontas orainn an méid sin cleasanna a bhí ag daoine nach raibh léamh ná scríobh acu, a gcuid fadhbanna a shárú. Dearmad ar na spéaclaí, ceann acu – ‘an bhféadfá sin a léamh dom?’.

Bhíodh daoine le jabanna maithe – feirmeoirí, lucht gnó, tuismitheoirí le gasúir scoile – iad uilig gan na bunscileanna acu, ach iad ar fad in ann ligean orthu go rabhadar ceart go leor. Thuig mé go mb’fhéidir go raibh cara ag bean an fhóin bhuí a chabhródh léi, agus go raibh sí in ann glaonna a ghlacadh gan aon stró, ar chuma ar bith. Ghlan sí léi amach as an siopa, í fos an-amhrasach faoi fhear an tsiopa agus a chuid cleasaíochta leis na cnaipí.

Ag seisiún traenála an oíche sin agus sinn ag réiteach don ‘regatta’ i nDún na nGall, dúirt ball den chlub liom go raibh sí tar éis teacht ó chleachtadh cóir. Ach cleachtadh ar leith a bhí anseo. Bhí an cór ag cleachtadh le cór a bhí istigh i bPríosún Mhuinseo. Tá siad ag súil le dlúthcheirnín a thabhairt amach in am don Nollaig.

Tá na príosúnaigh ag glacadh páirt i scéim a chuirfidh ar a gcumas dul amach sa saol tar éis a dtréimhse sa bpríosún, post a fháil b’fhéidir agus ‘gnáthshaol’ a bheith acu. Sin go breá, a deir tú. Ach is cosúil gur laincis mhór orthu an téarma príosúnachta nuair a scaoiltear amach iad. Is cuma cé chomh díograiseach a bhíonn siad i mbun staidéir, cé chomh tugtha a bhíonn siad don chór, don chócaireacht, don chaidreamh sibhialta, nuair a fheictear na focail ‘Príosún Mhuinseo’, ní bhíonn mórán tóir ag fostóirí orthu.

Ach an rud ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar mo chara, níor bhain sé le bochtanas ná le gruaim. Chonaic sí muintir na bpríosúnach ag teacht isteach ar cuairt agus dúirt sí go ndeachaigh sé i bhfeidhm go mór uirthi cé chomh gleoite, galánta is a bhí na páistí – iad ar fad ina gcuid ‘éadaí Domhnaigh’, a gcuid gruaige cóirithe, cultacha agus gúnaí nua agus bróga snasta orthu.

Bíonn an bochtanas faoi cheilt ar go leor bealaí. Cé aige a mbeadh a fhios, ag breathnú ar na mná i siopa Penneys ag ceannach éadaí nua dá bpáistí, cé acu a rabhadar ag réiteach le dul go Lanzarote, nó an rabhadar ag réiteach don chuairt sheachtainiúil ar Phríosún Mhuinseo?

Fág freagra ar 'Bíonn an bhochtaineacht faoi cheilt chuile thaobh dínn'

  • Chouchoufifi

    Alt álainn a chuirfeadh deoir i do shúil.