1,432 cás eile den ghalar fógartha, deireadh le cuardach teagmhálaithe i scoileanna

7,726 duine a raibh an Covid-19 orthu a fuair bás in Éirinn ó thús na paindéime, 5,209 duine ó dheas den teorainn agus 2,517 duine ó thuaidh di

1,432 cás eile den ghalar fógartha, deireadh le cuardach teagmhálaithe i scoileanna

D’fhógair an Roinn Sláinte 1,432 cás nua de Covid-19 tráthnóna.
272 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 63 díobhsan in aonad dianchúraim.
30 duine a raibh an galar orthu a fuair bás ó Dé Céadaoin seo caite.
7,726 duine a raibh an Covid-19 orthu a fuair bás in Éirinn ó thús na paindéime, 5,209 duine ó dheas den teorainn agus 2,517 duine ó thuaidh di.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile a raibh an víreas orthu básaithe le lá anuas.
1,060 cás eile den ghalar a fógraíodh.
35 bás a cuireadh ar an taifead le seacht lá anuas, laghdú ón 44 bás a bhí i gceist an tseachtain roimhe sin.
Tá 397 othar Covid-19 in ospidéil an Tuaiscirt, i gcomparáid le 464 Dé Céadaoin seo caite.
34 othar atá in aonad dianchúraim.
Idir an dá linn, ón Luan seo chugainn ar aghaidh ní bheidh an cuardach teagmhálaithe riachtanach i gcás bunscoileanna agus ionaid cúram leanaí.
Ghlac an tAire Sláinte Stephen Donnelly inniu leis an moladh sin agus moltaí eile i dtaobh na rialacha Covid-19 atá i bhfeidhm in ionaid cúram leanaí agus bunscoileanna.
Pléadh na moltaí leis an bhfoireann Náisiúnta um Éigeandáil as tSláinte Phoiblí.
De réir na moltaí eile a chuirfear i bhfeidhm an tseachtain seo chugainn cuirfear stop le tástáil gartheagmhálaithe scoile atá 12 nó níos óige nach bhfuil comharthaí an ghalair orthu agus ní bheidh orthu fanacht sa bhaile.

Beidh ar pháistí atá 12 nó níos óige ar gartheagmhálaithe sa teaghlach iad tástáil a fháil agus fanacht sa bhaile.
Aon pháiste a bhfuil comharthaí sóirt an ghalair air ba cheart dó fanacht sa bhaile go dtí dhá lá i ndiaidh imeacht na gcomharthaí.

Fág freagra ar '1,432 cás eile den ghalar fógartha, deireadh le cuardach teagmhálaithe i scoileanna'