14,269 dalta a rinne béaltriail an Teastais Shóisearaigh atá idir dhá cheann na meá

Faoin socrú nua don Teastas Sóisearach, is scrúdú scríofa dhá uair a’ chloig a dhéanfar ag deireadh na bliana an t-aon mheasúnú stáit a dhéanfar ar dhaltaí

File photo Leaving Cert Exams Begin Tomorrow 9/6/2011 Leaving Cert at Belvedere College. Students at Belvedere College in Dublin sit the second day of the leaving cert exams today (9/6/2011). More than 115,000 second level students began their Leaving and Junior Certificate exams this morning. The students will be examined in almost 100 different subjects and more than 3m exam papers have been printed. Photo. Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

14,269 dalta a rinne an scrúdú roghnach béil – atá anois idir dhá cheann na meá, don Teastas Sóisearach sa bhliain 2014. B’ionann sin agus 25% de na daltaí ar fad a thug faoina gcéad scrúdú stáit anuraidh.

Tá fás leanúnach tagtha ar líon na ndaltaí a roghnaíonn an scrúdú béil go háirithe ó tháinig méadú ar an gcéatadán a fhaightear don scrúdú béil san Ardteist – 40% anois le hais 25%.

Faoin socrú nua don Teastas Sóisearach, is scrúdú scríofa dhá uair a’ chloig a dhéanfar ag deireadh na bliana an t-aon mheasúnú stáit a dhéanfaidh daltaí an Teastais i nGaeilge. Bronnfar 60% le haghaidh an scrúdaithe scríofa sin agus fágfar 40% le haghaidh dhá mheasúnú ranga nach mbeidh aon bhaint ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit leo.

Mar a sheasann cúrsaí i láthair na huaire, áirítear an marc a fhaightear sa scrúdú béil mar chuid den mheasúnú stáit. Ach tá an chuma ar an scéal faoin socrú nua gur ísliú stádais atá i ndán don bhéaltriail ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh ó tharla gur tascanna inscoile iad an dá mheasúnú eile.

Beidh rogha ag múinteoirí Gaeilge de “raon tascanna a oireann don ábhar” a leagfaidh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe síos. Ní fios go fóill an mbeidh scrúdú béil i measc na roghanna a chuirfear os a gcomhair.

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna fós ag obair ar an scrúdú nua Gaeilge agus ar an Teastas Sóisearach nua i gcoitinne. Thug urlabhraí na Roinne le fios do Tuairisc.ie go mbreithneofar ceist na scileanna uile, scileanna béil san áireamh, “i gcomhthéacs na hoibre forbraíochta”.

Fág freagra ar '14,269 dalta a rinne béaltriail an Teastais Shóisearaigh atá idir dhá cheann na meá'