1,414 cás eile den víreas fógartha, laghdú ar ráta coicíse an ghalair

493 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí ann ar an 1 Meán Fómhair i gcomparáid le 532 an tseachtain roimhe

1,414 cás eile den víreas fógartha, laghdú ar ráta coicíse an ghalair

Tá 1,414 cás eile den Covid-19 fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

353 a bhfuil an galar orthu atá sna hospidéil, ardú 10 ó inné. 55 díobhsan atá in aonad dianchúraim, laghdú de cheathrar ó inné.

Ag laghdú atá ráta coicíse an ghalair sa stát – 493 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí ann ar an 1 Meán Fómhair i gcomparáid le 532 an tseachtain roimhe.

De réir na bhfigiúirí is déanaí tá 89% de dhaoine os cionn 18 lánvacsaínithe agus 82% atá i gceist do dhaoine atá os cionn 12 bliain d’aois.

Meastar gur sna laethanta amach romhainn a bheidh seacht milliún snáthaid in aghaidh an choróinvíris tugtha amach.

1,248 cás eile den víreas a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus naonúr a raibh an galar orthu a bhásaigh le lá anuas.

Le seachtain anuas, tháinig laghdú ar líon na gcásanna nua den víreas a deimhníodh – ó 11,604 an tseachtain seo caite go dtí 8,952 an tseachtain seo. Mhéadaigh líon na mbásanna ó 49 go dtí 54.

204,173 cás den víreas atá deimhnithe sa Tuaisceart ó thús na paindéime agus 2,394 duine a raibh an coróinvíreas orthu a fuair bás.

Tá 46 othar a bhfuil an galar orthu in aonad dianchúraim ospidéil an Tuaiscirt.

Fág freagra ar '1,414 cás eile den víreas fógartha, laghdú ar ráta coicíse an ghalair'