1,408 cás nua fógartha, deir NPHET nach fada uainn an lá go gcuirfear deireadh leis na srianta

Dúirt an Dr Tony Holohan go bhfuil 2% díobh siúd a bhfuil an Covid-19 tolgtha acu á gcur san ospidéal ag an víreas

1,408 cás nua fógartha, deir NPHET nach fada uainn an lá go gcuirfear deireadh leis na srianta

1,408 cás eile den Covid-19 atá fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Deir an Príomhoifigeach Leighis go bhféadfadh nach fada uainn an lá go mbeifear in ann deireadh a chur leis na srianta Covid-19.

Dúirt sé gur fhág an rath a bhí ar an gclár vacsaínithe go raibh ag éirí go maith leis an iarracht dul i ngleic leis an gcineál Delta den ghalar.

Dá mhéid vacsaíní a dháilfear is ea is túisce a mbeidh deireadh leis an ngéarchéim sláinte phoiblí, a dúirt an Dr Tony Holohan.

In ainneoin go bhfuil líon na gcásanna fós ard, dúirt an Dr Holohan inniu go raibh dóchas aige go bhféadfaí a thuilleadh srianta a scaoileadh faoi cheann roinnt seachtainí.

Dúirt an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn go mbeidh “éiginnteacht” ann go ceann roinnt seachtainí ach go bhfuil cúrsaí ag éirí níos seasmhaí i gcuid de na tíortha is measa atá buailte ag an gcineál Delta.

Thug an Dr Glynn le fios go raibh naonúr eile básaithe de dheasca an víris ón 21 Iúil. Tá 5,035 duine básaithe dá bharr sa stát ó thús na paindéime.

152 othar atá buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil ar maidin agus 25 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim.

Tá ardú tagtha ar an meán ar líon na ndaoine atá á gcur san ospidéal gach lá de dheasca an ghalair – 26.

“Faoi láthair tá 2% de na cásanna a dteastaíonn cúram ospidéil uathu,” arsa an Dr Tony Holohan.

“Is eol dúinn go mbeadh i bhfad níos mó daoine á gcur san ospidéal murach an dul chun cinn iontach atá déanta leis an gclár vacsaínithe. Caithfimid coinneáil leis sin agus muid ag tosú ar an dream óg sa phobal a vacsaíniú. Dá mhéad daoine a bheidh vacsaínithe is ea is lú deis a bheidh ag an Covid-19 cur isteach ar an saol agus daoine a dhéanamh an-tinn,” a dúirt Holohan agus é ag moladh arís do dhaoine an vacsaín a fháil.

Maidir le líon na ndaoine atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil níl ach a leathoiread ann is bhí mí Dheireadh Fómhair. Bhí 50 duine sa lá á gcur san ospidéal ag an ngalar mí Dheireadh Fómhair seo caite i gcomparáid le 20 duine faoi láthair. Chomh maith leis sin bíonn tréimhse níos giorra san ospidéal ar an othar Covid-19, seacht lá anois i gcomparáid le 15 lá mí Dheireadh Fómhair seo caite.

Dúirt an Dr Ronan Glynn go bhféadfadh daoine a bhfuil an vacsaín faighte acu an víreas a tholgadh go fóill ach nárbh ionann sin agus a rá nach raibh na vacsaíní ag obair.

“Tá tionchar an-dearfach ag an vacsaín ar an mbaol ón víreas in Éírinn. Dá mhéad daoine a gheobhaidh an vacsaín, déarfainn gur mó daoine a bhfuil an vacsaín faighte acu a tholgfaidh an víreas. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil an vacsaín ag obair agus an duine a bhfuil an vacsaín faighte aige is lú go mór an baol go bhfaighidh sé drochráig tinnis nó go mbeidh air dul san ospidéal dá bharr.”

355 cás in aghaidh gach 100,000 ráta coicíse an ghalair.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan go bhfeicfí idir arduithe agus laghduithe i líon na gcásanna sna seachtainí amach romhainn. D’fhéadfadh go bhfásfadh an galar 4% in aghaidh an lae, ach ráineodh gur aon rud idir 2-6% a bheadh i gceist.

1,600 cás a d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt níos túisce tráthnóna. Fógraíodh go raibh triúr eile básaithe de dheasca an víris ansin.

244 othar Covid-19 atá in ospidéil ó thuaidh den teorainn agus tá 32 acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i 73 d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,201,462 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,022,646 duine.

Fág freagra ar '1,408 cás nua fógartha, deir NPHET nach fada uainn an lá go gcuirfear deireadh leis na srianta'