14 suíomh Gaeilge ainmnithe do na Web Awards

Tá 14 suíomh Gaeilge, Tuairisc.ie ina measc, ainmnithe i gceithre rannóg éagsúla sna Web Awards a bhronnfar i mBaile Átha Cliath i mí Dheireadh Fómhair

Web Awards

Tá 14 suíomh gréasán déag ar an liosta fada sa rannóg ‘Suíomh Gaeilge is Fearr’ sa chomórtas Web Awards 2015. Bhí an baol ann nuair a osclaíodh na hainmniúcháin níos túisce i mbliana nach gcoinneofaí an rannóg ann, ceal iarratas ó shuíomhanna eile.

“This category is rarely nominated in and the majority of winners haven’t bothered to attend the event. The category will not be moved forward this year if it doesn’t reach a threshold of entries,” a scríobhadh ar an bhfoirm ainmniúcháin i mbliana.

Tá an dé fós ann, áfach, agus is iad seo a leanas na suíomhanna idirlín atá ar an liosta fada don ghradam.

  1. Campa Chormaic
  2. An Coimisiún le Rincí Gaelacha
  3. Conradh na Gaeilge
  4. Foclóir.ie
  5. Gael Linn
  6. Raidió Rí Rá
  7. Gaeilge.ie
  8. Cork Irish
  9. Macalla Teoranta
  10. Nós
  11. PEIG
  12. President.ie
  13. Teanglann.ie
  14. Tuairisc.ie

Tá ainmniúcháin faighte ag Tuairisc.ie agus ag Nós.ie i rannóga eile sa chomórtas freisin. Tá an dá shuíomh ar an liosta fada don ghradam Foilseachán Laethúil Is Fearr Ar Líne Amháin, rannóg a bhfuil tríocha suíomh san iomlán ann. Ainmníodh Nós.ie do shuíomh Ealaíon agus Cultúir is Fearr agus an Suíomh Is Áille freisin.

Dúirt Tomaí Rua Ó Conghaile, eagarthóir Nós.ie, le Tuairisc.ie go raibh ‘áthas an domhain air’ go bhfuil an oiread sin suíomhanna Gaeilge istigh ar an gcomórtas i mbliana.

“Sílim go raibh daoine ann i saol na Gaeilge nach raibh a fhios acu go raibh na gradaim seo ann agus b’fhéidir gurbh in an fáth a raibh a laghad sin iarratas orthu roimhe seo ach tá sé iontach go bhfuil ceithre cinn déag istigh sa rannóg Ghaeilge i mbliana.

“Tógáil croí atá ann freisin go bhfuil Nós.ie agus Tuairisc.ie ainmnithe do ghradam taobh amuigh den rannóg Ghaeilge. Is céim chun cinn mhór í sin agus cuireann sé in iúl don phobal mór go bhfuil muid ar comhchaighdeán leis na meáin mhóra Bhéarla agus gur féidir linn an obair a chur i gcrích. Beidh láithreacht an-láidir ag na Gaeil ag na gradaim i mbliana agus tá sé sin ar dóigh,” a dúirt Ó Conghaile le Tuairisc.ie.

Ní raibh a ndóthain ainmniúchán ar na rannóga d’fhoilseacháin chlóite ná don raidió agus mar sin cuireadh isteach in aon rannóg amháin iad leis an rannóg Suíomh Meáin. Baineadh an rannóg de shuíomhanna móibíleacha i mbliana ceal ainmniúchán.

Tháinig méadú de 60% ar líon na n-iarratas ginearálta ar na Web Awards i mbliana. Dar le heagraithe an chomórtais, seoladh 400 iarratas chucu i mbliana, idir dhá agus trí ainmniúchán an duine.

Cuirfear tús leis an bpróiseas moltóireachta an tseachtain seo chugainn, próiseas a mhairfidh seachtain. Eiseofar meánliosta i gceann coicíse agus gearrliosta i gceann míosa. Bronnfar na gradaim ag ócáid bhronnta i gCeoláras an RDS i mBaile Átha Cliath ar 15 Deireadh Fómhair.

Fág freagra ar '14 suíomh Gaeilge ainmnithe do na Web Awards'