14 saothar Gaeilge ainmnithe do ghradaim ag Féile na Meán Ceilteach

Ócáid bhliantúil í Féile na Meán Ceilteach, a bheidh ar siúl in Albain i mí an Mheithimh, a thugann ardán agus aitheantas do scoth na saothar a léiríodh sna tíortha Ceilteacha

14 saothar Gaeilge ainmnithe do ghradaim ag Féile na Meán Ceilteach

14 ainmniúchán atá faighte ag na meáin chraolta Ghaeilge d’Fhéile na Meán Ceilteach a bheidh ar siúl ar an Aghaidh Mhór in Albain mí an Mheithimh.

Ar na saothair atá ainmnithe d’fhéile na bliana seo tá Iomramh an Chamino, cuntas ar an iomramh a dhein meitheal fear ó Chorca Dhuibhne is iad ag iarraidh lorg na n-oilithreach a leanúint go Santiago de Compostela agus Anseo i Lár an Ghleanna, clár Sheáin Uí Chualáin faoi dhán phobal Loch Con Aortha i gConamara. Tá an dá scannán faisnéise sin ainmnithe i rannóg an chláir faisnéise aonair is fearr.

Ar na cláir faisnéise eile a craoladh ar TG4 agus a bhfuil ainmniúchán faighte acu tá Lomax in Éirinn, clár Declan McGrath faoin tréimhse a chaith an bailitheoir ceoil aitheanta, Alan Lomax in Éirinn sna 1950idí, saothar atá ainmnithe sa rannóg ealaíne. Chomh maith leis sin, tá ainmniúchán faighte ag Son of Kerry, Son of Sam, inar thug an tuairisceoir ó Chorca Dhuibhne Seán Mac an tSíthigh éachtaint ar an gCiarraíoch Timothy O’Dowd, an té a bhí mar cheann feadhna ar an meitheal a chuir an tsúil ribe ar an dúnmharfóir David Berkowitz.

Tá an tsraith de chuid TG4 Taithí gan Teorainn ainmnithe sa rannóg siamsaíochta agus tá ainmniúchán faighte ag Tír Eoghain; the Unbreakable Bond sa rannóg spóirt.

Ulaidh faoi Thalamh a craoladh ar BBC2 an Tuaiscirt ainmnithe ar an ngearrliosta don tsraith faisnéise is fearr.

I réimse an raidió tá RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life ar an ngearrliosta do ghradam stáisiún raidió na bliana.

Tá clár Bhláthnaid Uí Chofaigh ar RTÉ RnaG, Bláthnaid Libh, ainmnithe d’irischlár na bliana agus tá dhá ainmniúchán faighte ag an stáisiún Gaeltachta i rannóg an cheoil, ceann do Manglam Ceoil le Rónán Mac Aodha Bhuí agus ceann do Ceol Binn ó na Beanna clár le Neansaí Ní Choisdealbha a craoladh beo ó Fhéile Willie Clancy.

Tá ainmniúchán sa rannóg spóirt faighte ag Ón Taobhlíne, sraith de chuid BBC Raidió Uladh agus tá ainmniúchán faighte leis ag Scoil Bhríde, 100 Bliain d’Aois, clár faisnéise de chuid an stáisiúin céanna a rinne Róisín Ní Chéileachair.

Is ócáid bhliantúil í Féile na Meán Ceilteach a thugann ardán agus aitheantas do scoth na saothar a léiríodh sna tíortha Ceilteacha; Éire, Albain, Oileán Mhanann, Corn na Breataine agus an Bhriotáin.

Fág freagra ar '14 saothar Gaeilge ainmnithe do ghradaim ag Féile na Meán Ceilteach'