14 bás eile de dheasca an choróinvíris, 368 cás nua fógartha

Níos lú ná cúig chás nua a bhí le fógairt sa Ghaillimh agus i bPort Láirge tráthnóna

14 bás eile de dheasca an choróinvíris, 368 cás nua fógartha

Tá 14 duine eile ar a raibh an Covid-19 orthu básaithe, de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn Sláinte.

368 cás nua den ghalar a fógraíodh tráthnóna.

310 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 67 díobhsan in aonad dianchúraim. Cuireadh 29 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Sathairn seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 577,641 duine agus an dara dáileog faighte ag 224,861 duine.

Bhain 26 den 368 cás den Covid-19 a fógraíodh inniu le contae na Mí.

14 cás a bhí i gCorcaigh, 13 cás a bhí i nDún na nGall agus sé chás a bhí i gCiarraí agus cúig chás a bhí i Maigh Eo. Níos lú ná cúig chás a bhí i bPort Láirge agus níos lú ná cúig chás a bhí i nGaillimh

Meánráta 164 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Tá an dara ráta is airde sa stát i nDún na nGall (279) go fóill agus tá an ráta i gcontae na Mí (217) níos airde ná an meánráta náisiúnta freisin.

Ráta 116 atá i bPort Láirge, 113 atá i nGaillimh agus 68 atá i Maigh Eo. Ráta 41 atá i gCorcaigh agus 33 atá i gCiarraí, an ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann go raibh cúigear eile básaithe de dheasca an Covid-19.

151 cás nua den ghalar a deimhníodh i measc an 2,115 duine ar cuireadh tástáil orthu. 131 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 18 acusan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 740,729 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 132,022.

6,796 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,115 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,681 duine ó dheas di.

352,610 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 235,444 cás ó dheas den teorainn agus 117,166 cás ó thuaidh di.

De réir a chéile a dhéanfar maolú beag ar na srianta Covid-19 ó dheas an mhí seo chugainn, ag áireamh cead a thabhairt do dhaoine taisteal aon áit ina gcontaetha féin.

I ndiaidh an 19 Aibreán a scaoilfear na srianta taistil cúig chiliméadar.

Meastar go dtabharfar cead chomh maith do dhá líon tí bualadh le chéile amuigh faoin spéir i spásanna poiblí agus go mbeidh traenáil spórt gan teagmháil ceadaithe do pháistí.

Amach sa mhí chomh maith a thabharfar cead arís don traenáil idirchontae, de réir na dtuairiscí.

Tráthnóna inniu, ag a 6pm. a fhógróidh an Taoiseach Micheál Martin cinneadh an Rialtais.

Fág freagra ar '14 bás eile de dheasca an choróinvíris, 368 cás nua fógartha'