1,394 cás eile den ghalar fógartha, moltaí á ndéanamh don saol iarphaindéime

De réir plécháipéis atá curtha faoi bhráid NPHET, ní bheadh ar dhaoine fásta atá vacsaínithe ná páistí faoi bhun 13 bliain tástáil a fháil sa chás go mbeadh comharthaí sóirt éadroma an ghalair orthu

1,394 cás eile den ghalar fógartha, moltaí á ndéanamh don saol iarphaindéime

D’fhógair an Roinn Sláinte 1,394 cás eile den ghalar tráthnóna.

321 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus bhí 58 díobhsan in aonad dianchúraim.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ó Roinn Sláinte an Tuaiscirt, deimhníodh 1,199 cás eile den ghalar agus ochtar eile a raibh an Covid-19 orthu a bhásaigh le lá anuas.

Tuairiscíodh inniu go bhfuil na húdaráis ag moladh dáileog amháin den vacsaín a thairiscint do gach páiste idir 12-15 bliain d’aois. Beifear ag súil go gcabhróidh sé sin le leigheas a fháil ar na fadhbanna atá ag cur as do scoileanna an Tuaiscirt, mar a bhfuil líon mór páistí á gcur abhaile de dheasca an ghalair.

Idir an dá linn, tá laghdú mór ar líon na dtástálacha Covid-19 a chuirtear ar dhaoine i measc na moltaí atá le scagadh sa phleanáil atá ar siúl do dheireadh na paindéime.

De réir plécháipéis atá curtha faoi bhráid na Foirne Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí, ní bheadh ar dhaoine fásta atá vacsaínithe ná páistí faoi bhun 13 bliain tástáil a fháil sa chás go mbeadh comharthaí sóirt éadroma an ghalair orthu.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry, nach rabhthas réidh fós chun deireadh a fhógairt leis an bpaindéim agus an Covid-19 a fhógairt ina ghalar eindéimeach ach dheimhnigh sé go raibh an cháipéis faoin gcóras tástála faighte ag NPHET.

“Is deacair é a chreidiúint ach taobh istigh de bhliain amháin tá vacsaíní againn atá iontach maith ag laghdú líon na dtinneas tromchúiseach agus ag cosaint an chórais sláinte…agus fágann sin roghanna againn.

“Agus is é an rud atá á dhéanamh anois againn ná ag samhlú conas a bheidh againn agus sinn ag bogadh ó chéim na paindéime go dtí an chéim eindéimeach, tráth nach bhféachfar ar an ngalar mar ghalar ar leith ach mar cheann de raidhse galar séasúrach eile,” arsa Colm Henry.

Dúirt Henry go mbeadh aon aistriú go dtí an chéim eindéimeach ag brath ar líon na gcásanna den ghalar, an ráta scaipthe agus líon na n-othar sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim.

Dá mbeifí ag an gcéim eindéimeach bheadh an córas tástála dírithe ar ráigeanna den ghalar seachas ar chásanna daoine aonair.

Beidh cruinniú an tseachtain seo ag NPHET agus meastar go bpléifear fáil réidh leis an riail go gcaithfidh páistí scoile ar gartheagmhálaithe iad fanacht sa bhaile.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid gur dócha nach bhfuil gá leis an riail sin a thuilleadh.

Fág freagra ar '1,394 cás eile den ghalar fógartha, moltaí á ndéanamh don saol iarphaindéime'